CÚINNE NA nEALAÍON
Culaith Nua na hÁilleachta
John Paul McCarthy John Paul McCarthy

Tugann moill meabhair, nó is cosúil gur an-tomhasta a chas ceamaraí David Simon, fear The Wire, nuair a thug sé faoi Treme a cheapadh i New Orleans. Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar an saothar deiridh seo.

Íomhá
Kim Dickens mar Janette Desautel i dTreme
Íomhá
Clarke Peters
(le Ausir ar Vicipéid)
Íomhá
Melissa Leo
(le David Shankbone ar Vicipéid)
Íomhá
Foireann chruthaithe Treme, Overmeyer, Peters & Simon
(le Tulane Public Relations, Flickr)
Íomhá
Tulane Public Relations
(ar Flickr)

Deirtí le fada gur chuir an teilifís luas leis an saol. Tugann an meán sin an deis dúinn éachtaí na mblianta a thuiscint laistigh d’uair aonaránach an chloig. Do bhuail an íomhá chorraitheach bob ar an am fiú. Ní foláir nó go gcuireann clár nua David Simon, Treme, isteach ar na seanargóintí seo, le muinín agus le stíl neamhspleách ar leith fiú. Baineann Treme le sáinn New Orleans i ndiaidh na speirlinge uafasaí, Katrina, a tharraing formhór na cathrach ársa seo go tóin poill i 2005, agus níl deifir ar bith ar Simon tubaiste na cathrach a léiriú dúinn. Iarracht mall is ea an clár seo, agus ní foláir nó gur roghnaíodh an mhoill seo d’aon ghnó.

Ní furaist aithne do chur ar na príomhphearsantachtaí go dtí go mbaintear an séú nó an seachtú uair amach. Is annamh a thugtar aon threoir don lucht féachana. Cruthaíonn an t-aineolas sin teannas ar leith, rud a chothaíonn suim, meas agus cion fé dheireadh. Feictear sochraidí plódaithe New Orleans go luath, ócáidí casta ceolmhaire nuair a shiúlann lucht an chomhbhróin cúpla mile fiú ón séipéal go dtí an reilig. Fiafraítear den sagart “Who’s goin’ home” in áit, “cé a cailleadh?”

Feictear Gormaigh áitiúla ó chomharsanacht Tremé (sráid cháiliúil) ag rince sna boulevards ársa agus iad gléasta in éadaí ildaite na Meiriceánach dúchais, .i. i riocht an Chickasaw, an Cheyenne agus an Montauk. Is léir gur cruthaíodh dlúthnasc idir Gormaigh New Orleans agus na treibheanna seo na cianta ó shin, ach ní thugtar aon shainmhíniú beacht air le linn an chláir. Caithfear a bheith sásta leis an íomhá in ionad an chur síos.

Lonnú Fada Ceamara ar an Láthair

Fear mór an “showseachas an “tell” ab ea Simon sa chlár mór le rá eile aige freisin, The Wire, clár fíormhall a dhéanann mioniniúchadh mall réidh ar chliseadh na bhforas sóisialta ba bhunúsacha i mBaltimore. Úsáideann Simon ceol mar bhac eile freisin, bac a chuireann iachall ar an lucht féachana díriú isteach ar a chuid íomhánna go sollúnta. Ní féidir éalú ón dtrombone nó “an bone” mar a thugtar ar an uirlis seo ar an dTremé. Bhí Simon sásta ceithre, cúig agus sé nóiméad iomlán a thabhairt do cheolchoirmeacha éagsúla i ngach aon chlár de chuid Treme, rud a chruthaíonn fadhbanna i dtús báire.

Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar Youtube (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó Deadwood). Cloistear ón bhfear ceoil teaspúil a sheinneann dosna turasóirí ólta ar Bourbon Street (Wendell Peirce ó The Wire) tar éis dó gach aon iarracht a dhéanamh suíomh níos airde a dh’fháilt. Cruthaíonn an ceol ilghnéitheach foclóir sainiúil.

An Daonnacht i Lár an Uaignis

Oíche amháin, buailimid le Davis Mc Alary, DJ bocht a labhraíonn gan stad gan staonadh. Agus é i bhfeighil ar chlár raidió, roghnaíonn sé seanamhrán áitiúil cáiliúil. Tugann an t-amhrán misneacha chuid bróin agus dóláis a chur in iúl don chathair chromtha leis na focail chuí. Roghnaíonn sé “My Indian Red” ó Danny Barker, agus tiomnaíonn sé an t-amhrán bríomhar seo do gach aon saoránach nach raibh in ann iad féin a ghléasadh i gceart i gcóir ceiliúradh St Joseph’s Night de dheascaibh chur isteach tubaisteach Katrina.

Is beag máistreacht dar léirigh DJ Davis ar an dteanga go dtí an clár seo - cé is moite gur duine bán é, fear mór foclóir an ghetto é lena chuid bra agus bounce agus homies. Ach go tobann, faigheann sé an líofacht chuí agus deir sé os íseal: “I know many people haven’t been able to mask, so I’m going to pull up from the local bounce and dedicate this to anyone who is home, working hard this morning to make a new suit of pretty.

Agus sin príomhfheidhm an cheoil sa chlár seo, culaith álainn nua a sholáthar do chathair a chaill formhór a cuid acmhainní luachmhara sa bháisteach agus sa ghaoth. Íomhá ar leith searmóin ghonta DJ Davis anseo toisc gur íomhá rómánsúil, soineanta fiú í laistigh de chlár a thugann droim láimhe don chur chuige rómánsúil ó thús go deireadh beagnach. Cathair lán le hailse, póilíní brúidiúla lofa, maorlathas fuarchúiseach agus foréigean collaí í, New Orleans de chuid Simon.

Comhphobal leochaileach ab ea é fiú roimhe theacht Katrina aniar aduaidh orthu. Ach os a choinne sin, taispeánann Simon an daonnacht i lár an uaignis, an daonnacht a fheictear i riocht sean-nósanna na cathrach: caitheamh an luaithrigh amach sa teiscinn tar éis bhás duine muirneach le linn Mardi Gras, béilí ollmhóra cáiliúla an Quarter, an comhoibriú díograiseach idir na ceoltóirí d’fhonn na dauphins sóisearacha ina measc a chosaint le linn am an ghátair

MAIDIR LEIS AN ÚDAR
  • Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.
RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.