AR NA SAOLTA SEO
Cúigear Ros Dumhach thíos le camastaíl Fhianna Fáil
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.

Íomhá
Cúigear Ros Dumhach ag an Ard-Chúirt, 29 Meitheamh 2005
Íomhá
Íomhá
Crainn á leagan le spás a dhéanamh don phíblíne
Íomhá
Frank Fahey TD, Aire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

Ba i Maigh Eo a bunaíodh Conradh na Talún. Bhí géarghá lena leithéid ag an am mar nach raibh smacht ag pobal na hÉireann ar a gcuid talún féin. Is iomaí cor is lúb a tharla i gcinniúint na nGael ó shin ar ndóigh agus tá ceart na bpobal iad féin a rialú bainte amach anois. Ach bheadh déistin ar Mhichael Davitt faoina bhfuil ar siúl i Ros Dumhach faoi láthair. I mbeagán focal, tá an Ard-Chúirt ag cur cinneadh polaitiúil i bhfeidhm, cinneadh a thug cead do chorparáid ilnáisiúnta orduithe ceannaigh éigeantacha a eisiúint lena gcuid talún a bhaint ó ghnáthshaoránaigh na tíre.

Tá cúigear fear áitiúil i bpríosún ó dheireadh mhí an Mheithimh cionn is gur dhiúltaigh siad gan cosc a chur ar Shell píblíne a thógáil fríd a gcuid talún. Dála go leor acu siúd a bhí gníomhach i gConradh na Talún, níl taithí ag an chúigear fear Gaeltachta seo ar bheith ag sárú an dlí. Tá dhá scór bliain ann, mar shampla, ón uair dheireanach a bhí an t-iaroide scoile Micheál Ó Seighin os comhair na cúirte, tráth ar gearradh fíneáil £2 air mar nach raibh solas ar a charr, a bhí pairceáilte taobh amuigh de Halla Uí Éallaithe i nGleann na Muaidhe. Tá neamhpleáchas na gcúirteanna rí-thábhachtach agus caithfear aird a thabhairt ar na horduithe a thugann siad. Gan sin, bheadh ainriail i bhfeidhm. Ach é sin ráite, is doiligh neamhaird a thabhairt ar íobairt na bhfear beag seo atá i ngleic le bodaigh mhóra an Rialtais agus le hollchorparáidí idirnáisiúnta.

Ar ndóigh, maítear go bhfuil níos mó anois ag an Rialtas seo leis an fhear bheag ná le comhlachtaí móra idirnáisiúnta, a bhuíochas do dheireadh seachtaine a caitheadh in óstán in iarthar Chorcaí mí Mheán Fómhair seo caite. Is dócha gur mar thoradh ar an *love-in *seo faoi anáil an Athair Seán Healy ó CORI, a mhol tuarascáil de chuid Fhianna Fáil i nGaillimh go ndéanfaí “athbhreithniú” ar an phuball corparáideach a bhíonn ag an pháirtí ag Rásaí na Gaillimhe. Tá sé “ró-eisiach”, dar leo, agus scarann sé baill an pháirtí ón chosmhuintir. Rómhall a thiocfaidh an t-athbhreithniú seo do mhuintir Ros Dumhach, áfach, mar gur sa phuball céanna sin i 1998 a thosaigh iar-Aire na Mara, Frank Fahey, agus a chairde ag cuimilt boise le feidhmeanaigh Enterprise Energy Ireland - na príomhscairshealbhóirí sa tionscadal gáis sula ndearna Royal Dutch Shell táthcheangal orthu.

Liosta le háireamh an chamastaíl a bhí ar bun ag an Rialtas ar an cheist chigilteach seo ón am sin i leith. Ní raibh na gnáthcheangail phleanála ar an phíblíne ón tús agus ní thagann sé faoi dhlínse an Údaráis um Shláinte agus Sábháilteacht, seachas sa chás go mbeadh sábhailteacht na n-oibrithe atá ag leagan na píblíne i mbaol. Bheifeá ag súil, áfach, go ndéanfadh an Rialtas iondaíocht mhaith ar an phobal, go bhfaighidís an margadh is fearr dúinn maidir lenár n-acmhainní aiceanta agus nach dtiocfaidís ar aon réiteach a bhféadfadh baol sláinte a bheith ag baint leis.

Ní léir gur mar sin a tharla sa chás seo. De bharr athruithe a rinneadh ar Achtanna Airgeadais 1987 agus 1992 is beag sochar a bhainfidh an Stát as tionscadal na Coirribe. Ní íocfaidh Shell ríchíosanna agus tá ráta seasta cánach de 25% socraithe leo. Go deimhin, beidh ar an Stát seo an gás a cheannach ó Shell ar an phraghas céanna le hachan tír eile, de réir luach an mhargaidh. Mhaígh Frank Fahey go mbainfeadh bailte an iarthair an-bhuntáiste as an chríochfort mar go mbeidís ag fáil soláthar gáis uaidh. Caint san aer a bhí anseo mar nach raibh aon socrú déanta leis an Bhord Gáis ina thaobh.

Coinníollacha diana

Ní mór a rá ag an staid seo gur beag taiscéalaíocht atá déánta amach ó chósta na hÉireann le scór bliain anuas. Is é an tuairim choitianta sa tionscal ná go raibh coinníollacha an Rialtais ródhian le hais na gceann a bhí i bhfeidhm sa Mhuir Thuaidh agus amach ó chósta na hIorua. Deirtear, mar shampla, gur beag brabach a rinne Marathon óna gcuid taiscéalaíochta ar thobar Chionn tSáile. Ní foláir mar sin go mbeadh socrú maith cánach ann lena chinntiú gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid.

Ní mór cuimhneamh fosta ar an mhéid a bhí le rá ag Iain Mac Aindriú, ball tofa d’Údarás na Gaeltachta, faoin chonspóid cúpla mí ó shin. Mhaígh seisean go bhfuil 90% de mhuintir thuaisceart Mhaigh Eo i bhfábhar an tionscadail. Cruthófar neart postanna ardscile dá bharr agus bainfidh gnólachtaí sa cheantar an-leas eacnamúil as. Díol suntais fosta, go bhfuil Comhaontaithe Ceannaigh Éigeantach sínithe ag 27 úinéir talún agus nach bhfuil ach seachtar ag cur ina choinne. Is leis an seachtar sin 50% den talamh a mbeidh an phíblíne ag dul fríd. Déarfadh lucht a gcáinte nach bhfuil i bhfeachtas an chúigir atá i bpríosún ach sampla eile den nimbyachas atá rábach ó cheann ceann na tíre. Go deimhin, in aitheasc a thug sé ag Scoil Samhraidh Humbert in 2001, chuir Frank Fahey i leith lucht an fheachtais go raibh siad ag cur bac ar “dhul chun cinn”.

Cad chuige, mar sin, go dtabharfaí cluas éisteachta dóibh? Cúis dá laghad, ach go bhfuil go leor den fhírinne á insint acu. Tá neart fianaise neamhspleách ar fáil le hamhras a chur i sábháilteacht na píblíne. I dtús báire, ba cheart aird a thabhairt ar na cúiseanna gur dhiúltaigh Kevin Moore, cigire de chuid an Bhoird Pleanála, cead pleanála a thabhairt don chríochfort in Aibreán na bliana 2003. Mhaígh seisean go mbeadh sé baolach 650,000 méadar ciúbach de mhóin a aistriú go portach a bhí buailte leis an chríochfort agus go ndéanfadh sé díobháil do thimpeallacht agus d’áilleacht an cheantair.

Ach níos suntasaí ná sin, mhaígh sé gur cheart diúltú dó mar gur sháraigh sé Treoir Seveso 11 maidir le haistriú substaintí contúirteacha siocair go raibh suíomh an chríochfoirt róghar do thithe. Bheadh baol sláinte ann dá bharr, dar leis. Cé nár tháinig an phíblíne faoina chúram, mhaígh Moore gur amach san fharraige seachas ar an tír mór a bhíonn a mhacasamhail de thionscadail i dtíortha eile agus nach raibh sé cruthaithe ag an iarratasóir nach bhféadfaidís a leithéid céanna a dhéanamh i gcás na Coirribe.

Chuir an Bord Pleanála breithiúnas Moore ar neamhní (seachas i gcás na móna) agus tugadh cead pleanála sa deireadh thiar thall don chríochfort i mBéal Átha na Buaidhe, faoi choinníollacha áirithe. Ach maireann an t-amhras. Brú 345 bar a bheas i gceist leis an phíblíne, brú atá i bhfad thar an ghnách i gcás píblínte den chineál seo, mar a d’adhmhaigh an tAire Cumarsáide, Mara is Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey, é féin sa Dáil. Ach maíonn an tAire agus Shell gur dearadh d’ardchaighdeán atá i gceist leis an phíblíne.

Tá an ceart acu! Níl aon innealltóir ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn maidir le sláinte an phobail. Ach cuimhnigh nach ndeartar píblíne riamh ar an tuiscint go dtarlóidh tubaiste dó. Ach, ar an drochuair, tarlaíonn timpistí, beag beann ar iarrachtaí na n-innealltóirí. Anuraidh, mar shampla, maraíodh duine is scór in Ghislenghien, 40 ciliméadar ó dheas ón Bhruiséal, nuair a phléasc píblíne de chuid Shell a théann ó Zeebrugge go tuaisceart na Fraince. Tuairiscíodh go raibh gás ag sceitheadh ón phíblíne 37 mbomaite sular phléasc sí ach ní raibh na fir dhóiteáin ábalta a dhath a dhéanamh faoi. Dódh dhá mhonarcha go talamh agus maraíodh go leor de na fir dóiteáin sa tubaiste. Ceithre bliana roimhe sin, cailleadh dosaen duine i Nua-Mheicsiceo nuair a phléasc píblíne ansin. Brú 45 bar a bhí i gceist leis an phíblíne sin ach tá an ceann atá á thógáil i Maigh Eo seacht n-uaire níos cumhachtaí.

Sa chomhthéacs sin, is beag is fiú iarracht chomhréitithe an Aire Dempsey go ndéanfaí measúnú riosca eile ar an tionscadal. Is é an baol is mó a bhaineann leis an phíblíne ná go mbeidh sé ag dul roghar do thithe – i bhfoisceacht 70 méadar i gcásanna áirithe. Bhí sé seo ar cheann de na húdair imní a léirigh an Cigire Moore agus níl aon ghá measúnú riosca eile a dhéanamh chun é seo a léiriú.

Tá an praiseach ar fud na mias faoi láthair. Thug an tAire Dempsey fógra oifigiúil do Shell go bhfuil siad ag sárú rialacha an cheada atá faighte acu ach maíonn siadsan nach raibh i gceist ach “sárú theicniúil” de bharr obair tháthaithe a rinneadh ar an phíblíne. Idir an dá linn, tá cúigear fear Gealtachta i gcarcair i bPríosún Chnoc na Seimre le chóir a bheith sé seachtaine anuas agus gach cuma ar an scéal nach saorfar iad go dtí go dtosóidh an téarma úr dlí i mí Dheireadh Fómhair. Tá léirsithe ar bun ó cheann ceann na tíre ag tacú leo is ní léir cén deireadh a bheas leis an scéal.

Ach is i lámha an Rialtais a bhí, agus atá, réiteach na faidhbe. Tá brachán ceart déanta acu den scéal ón tús. Is mithid dóibh anois é seo a chur ina cheart agus brú a chur ar Shell an gás a phróiseáil amuigh ar an fharraige mhór. Bíodh sé de mhisneach acu fosta deireadh a chur leis an phuball úd ag Rásaí na Gaillimhe agus leis na cleachtais chama a tharlaíonn ann.

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.