AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Cuartú na Misinéirí Éireannacha: dianspórt nua na hAfraice
Balor Balor Balor

Caitheann Balor a shúil nimhe an mhí seo ar an díchoimisiniú sna sé chontae agus tugann sé cur síos ar spórt nua atá tagtha chun cinn san Afraic.

Íomhá
Íomhá

“Bhí sé ar na bacáin le haois asail ach tá sé chugainn fá dheireadh,” a mhaígh Balor an Scolardach Polaitíochta nuair a chuala sé an fógra ar dhíchoimisiniú ghunnaí an IRA. “Tá Daithí Thimble sásta; tá Tarra Mac Adam sásta; tá Seán Buí Hume sásta; tá Bertie Ó Racht Éireann sásta; iad ar fad ag scríobadh tóin a chéile le méid a sástachta agus a n-áineasa. Rud ar bith a chuireann comhaoibhneas ar an cheathrar sin ní miste a bheith amhrasach fá dtaobh de,” dar le fear na Súile Nimhe.

Táthar ag cur brú anois ar an LVF, an UDA, an UFF, an UVF agus UTV dí-armáil a dhéanamh, ach níl siad sásta. Dar leo go bhfuil eagla orthu roimh ghirseacha óga Scoil na Croise Naofa in Ard Eoin. Cá bhfios, dar leo, nach Semtex seachas marla a mbíonn na cailíní sin ag spraoi leis ar scoil. Cá bhfios, dar leo, nach buamaí a bhíonn á dtabhairt abhaile leo sna málaí scoile gach lá. Is fearr a bheith airdeallach agus faichilleach, dar leo.

Tá cineál de mhíshástacht ar Bhalor nár cuireadh brú ar bith air féin go fóill dí-armáil a dhéanamh. Dar leis go bhfuil sásamh ar leith ag baint le hiarsceimhlitheoireacht. “Is iarsceimhlitheoir mé, de phór fada ársa iarsceimlitheoirí. Ar nós Mháirtín Mhic Oideachais, rugadh agus tógadh mé i m’iarsceimhlitheoir. Tá mo chlogad crua, mo sciath óir, claíomh géar na lainne glaise agus mo phéire sleá fós crochta go teolaí ar na rachtaí agam fá bhun na tuí agus fós cha dtáinig an Ginearál de Chateaubriand fá scread asail de mo dhún,” a mhaíonn Balor Iarghnóch. “Bheinnse sásta, ar nós Mháirtín Mhic Oideachais, cúpla crann tabhaill agus mirlíní a thabhairt suas fosta.”

Is cuma sa tsioc le Tomóg Mheiriceá cad é atá ag gabháil anseo, nó tá seisean róghafa le cúrsaí bioráin agus léarscáile: poll beag thall, poll beag abhus, agus é ag stiúradh na ndiúracán isteach san Afganastáin, ag iarraidh teacht ar Osama Ó Loideáin. “Nach bhfuil a fhios ag an bhaothán gur thiar i nGaillimh atá Ó Loideáin, áit arbh as a mhuintir?” a cheistíonn Balor an Ainchis. “Chonacthas é ar na mallaibh i dTigh Mhac i gCarna, áit a bhfuil sé ar a sheachnadh le tamall. Bíonn sé féin agus Johnny Mháirtín Learaí ag caitheamh siar piontaí leanna, ag windeáil a chéile agus ag ceol ar an sean-nós achan oíche den tseachtain ann, agus gan a fhios ag duine ar bith, Josie Sheáin Jack sa chuntas, gur sean-nós Afganastánach a bhíonn á cheol ag Ó Loideáin. Ní raibh mórán le rá ag Josie fá dtaobh de nuair a cuireadh ar an eolas é, seachas gur shíl sé gur Gaoluinn Chiarraí a bhí á labhairt agus á ceol ag an Loideánach. Beidh Josie i mbun moltóireachta arís i mbliana ar phríomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais, Corn Uí Riada.”

Agus cá bhfuil Íosa Mhic Ghiolla Mháire fhad is atá Cement Roadstone ag saothrú a gcoda ar chróite an IRA a líonadh le stroighin? Ar Safari atá sí sa Chéinia agus in Uganda. Tá sí i mbun an spóirt is úire ar chlár imeachtaí turasóireachta thíortha lár na hAfraice. Ní an leon aonraic atá sí ag cuartú ná an rhino geal, nó fiú an t-aonbheannach breac, ach dúil níos teirce fós atá á cuartú aici: an Misinéir Éireannach. “Tá siad sin dá ndíchoimisiniú le fada an lá,” a mhaíonn fear na Súil Nimhe. “Is dian an spórt é Cuartú na Misinéirí Éireannacha, ach mar shop do ghrúpa an Uachtaráin chuir Museveni Uganda ingearán ar fáil dóibh, agus deich bpointe sa bhreis don duine a fheiceann rian ar bith de mhisinéir fá bhun ceithre scór bliain d’aois. Tá rún ag mo sheanchara, Daithí Atanburó, clár teilifíse speisialta a dhéanamh go luath, é bunaithe ar an trí chineál is gannchúisí ar domhan: An Misinéir Éireannach, An Dílseoir Sásta agus Muintir Bhocht na Gaeltachta.”

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.