CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Cuach mo londubh buí
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin
Íomhá
Inis Tíomóin (Ennistymon), Co an Chláir
Íomhá
Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha

Arae mhuise, nach álainn go deo an rud é an chéad chuach a chloisteáil thar na garrantaí agus í ag fógairt thráthnóntaí breátha fada an tsamhraidh! Agus nach binn agus nach bog an blaoch ag teacht uaithi, an mantra “cu cúú… cu cúú…” á theilgean aici go hard san aer. Cloisim i mo chloigeann anois é, an t-uaillmhaíomh macallach úd a dhúisíonn iad siúd atá tar éis an geimhreadh a chaitheamh ina dtromchodladh duairc.

Cé nach n-áirím mé féin ina measc siúd, is fíor a rá go gcuireann an samhradh spréach bhreise ionam. Ní nach ionadh, mar is é an samhradh an séasúr is gnóthaí i rith na bliana ar fad in Éirinn maidir le féilte ceoil. Agus nach mise an buachaill a bhíonn ag iarraidh freastal ar ‘chuile cheann acu!

Ó a mhac go deo, ach go bhfuil an tír siúlta agam ag leanacht mo chuid mantraí féin! Ach ní mise amháin a bhíonn á dhéanamh, bíodh a fhios agaibh. Nuair a thosaíonn na ‘Scoileanna Samhraidh’ tagann fonn taistil ar go leor. Tá sé ar nós go bhfuil an t-uaillmhaíomh seo ár nglaoch ar ais chun an nóis taistil a bhíodh ag ár sinsear na céadta agus na mílte bliain ó shin. Glaoch ar ais chun an nádúir agus an dúchais bhundúchasaigh seo atá istigh ionainn ar fad. Casadh na séasúr, an nádúir, an dúchais agus an chultúir ina roithleán ar thuirne na beatha!

Tá an oiread sin féilte ceoil anois ann is go bhféadfá an samhradh ar fad a chaitheamh ag dul ó cheann go ceann agus tá daoine ann a dhéanann a leithéid. Ach tá ceann amháin a sheasann amach go speisialta agus a bhíonn mar chuach domsa ar chuma ar bith. An fhéile atá i gceist agam ná ‘Féile Amhránaíochta an Chláir’ a bhíonn ar siúl gach bliain an chéad deireadh seachtaine i mí an Mheithimh in Inis Díomáin i gContae an Chláir. Is iad na dátaí atá i gceist i mbliana ná 1 - 3 Meitheamh 2001.

Josie Sheáin Jeaic Mac DonnchaGrianghraf le hAntaine Ó Faracháin

Féasta amhránaíochta a bhíonn ann i mbaile beag atá lán le tithe tábhairne beaga. Agus b’fhéidir gurb shin é an fáth go dtaitníonn sé liom an oiread sin. Déantar gach rud ar leibhéal beag agus mar sin bíonn dlúthcheangal pearsanta idir na daoine. Agus bíonn amhránaithe atá ar ardchaighdeán ann i gcónaí. I mbliana mar shampla beidh na haíonna seo a leanas i láthair agus ar ndóigh, tuilleadh eile nach iad: Nan Tom Taimín de Búrca, Ollie Conway, Dessi Wilkinson, Kate Murphy, Finola Ó Siochrú, Johnny Moynihan, Paula Ní Chearúil, Séamus Mac Mathúna, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Gearóidín Bhreathnach, Pat Feely, Liam Mac Con Iomaire agus Terry Moylan. Le liosta mar sin níl aon aimhreas ach go mbeidh féasta eile ann i mbliana.

Má théann tú ann bí cinnte go mbuaileann tú isteach i dTigh Uí Eaghráin, teach tábhairne atá i lár an bhaile. Is anseo a gheobhaidh tú Máire Uí Eaghráin taobh thiar den chuntar, bean uasal a bhfuil togha na Gaeilge aici agus croí mór flaithiúil fáiltiúil. Tá an oiread sin spéise sa teach seo sna hamhráin is go mbíonn corramhrán ag teacht ón taobh istigh den bheár freisin. Agus bí ag caint ar atmaisféar! Bhí cuid de na seisiúin amhránaíochta ab fhearr a bhí agamsa ariamh agam sa teach seo.

Sea, go deimhin, agus mé ag trácht air seo ar fad, tá roinnt amhrán ag gabháil timpeall i mo chloigeann cheana féin. Tá ‘Cuach mo londubh buí’ ag gabháil fhoinn arís: “So come all ye loyal heroes wherever you may be…”

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Fhéile Amhránaíochta an Chláir’ ach glaoch ar Tom Munnelly ag an uimhir +353 (65) 708 4365 nó teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig: munnelly@eircom.net

Is as Baile Átha Cliath é Antaine Ó Faracháin. Is múinteoir, ceoltóir agus fear mór spraoi é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.