AR NA SAOLTA SEO
Cruachás na bpríosúnach poblachtánach le linn na dTrioblóidí
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Déanann Tony Birtill cur síos ar an tslí ar diúltaíodh cead cuairt a thabhairt ar phríosúnach poblachtánach i bPríosún Gartree sna hochtóidí.

Íomhá
Láithreoir an chláir "Facing the Truth", Fergal Keane, leis an Ardeaspag Desmond Tutu
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Bhí suimiúil domsa Ronnie McCartney a fheiceáil ar an chlár faisnéiseFacing the Truthar BBC 2 i an Mhárta (tuilleadh eolais ar www.bbc.co.uk/bbctwo). Agus an tArdeaspag Desmond Tutu ina chathaoirleach, tháinig daoine ó thaobhanna difriúla sa choimhlint in Éirinn aghaidh ar aghaidh le chéile den chéad uair.

Gearradh trí théarma príosúin saoil ar Ronnie McCartney i gCúirt Chorónach Winchester i na Bealtaine 1976 as iarracht a dhéanamh triúr póilíní a dhúnmharú i Southampton. ArFacing the Truthbhí ina shuí os comhair duine acu, Malcolm Craig, agus a iníon Rachael.

Óglach ab ea Ronnie agus bhí féin agus a chomrádaí ina gcónaí in árasán i Southampton, agus gunnaí agus ábhar pléascach ina seilbh acu. D’éalaigh siad nuair a rinne na póilíní ruathar ar an áit, ach chuaigh PC Craig sa tóir orthu. Scaoil Ronnie é ceithre huaire nuair a bhí ag druidim leis.

Chas féin ar Ronnie i an Mhárta 1988 nuair a bhí i bPríosún Gartree ( Gort na , mar a thug na hÉireannaigh air).

Bhí a lán poblachtánach sa phríosún i Sasana ag an am sin, agus bhí Ronnie i ngéibheann níb fhaide príosúnach ar bith eile.

B’éigean do theaghlaigh na bpríosúnach cur suas le deacrachtaí ar leith. raibh an chuid is acu in acmhainn taisteal ó Éirinn go Sasana ach uair dhó sa bhliain, agus bhí deacair do theaghlaigh a raibh páistí óg iontu taisteal agus lóistín a eagrú. Nuair a bhaineadh siad Sasana amach, bhíodh brú mothúchánach millteanach orthu dhá mhí dhéag d’easpa teagmhála a leigheas le cuairt amháin. Ach bhí stró eile ann fosta: an seans go mbeadh an príosúnachghosted”, is é sin go mbogfaí é/í go phríosún eile gan foláireamh ar bith. I gcás mar sin, ba thuras in aisce é agus go minic b’éigean do theaghlaigh filleadh ar Éirinn gan cuairt ar bith a thabhairt ar phríosúnach.

raibh mórán suime ag na meáin chumarsáide sa scannal seo ach fuair féin cead ó Bhreandán Mac Lua, eagarthóir The Irish Post, alt a scríobh faoi.

Thug Máirtín Ó Muilleoir, iriseoir leis an Andersonstown News (agus Comhairleoir de chuid Shinn Féin ag an am) cuidiú dom le mo chuid taighde i mBéal Feirste i samhradh na bliana 1987 agus chuir agallamh ar roinnt gaolta de chuid na bpríosúnach ansin, deartháir Ronnie McCartney ina measc. D’inis Máirtín do Ronnie cad é a bhí a dhéanamh agus scríobh litir chuige.

Iarratas

Chun gur féidir le príosúnach den Chineál A cuairt a fháil ó dhuine éigin, caithfidh iarratas a chur faoi bhráid an ghobharnóra ar fhoirm oifigiúil agus ainm agus seoladh an chuairteora air. Faigheann an cuairteoir foirm ansin ó na húdaráis, líonann í agus cuireann ar ais í, mar aon le dhá ghrianghraf pas de féin. Mínítear ar an fhoirm go dtabharfaidh na póilíní cuairt ort sa bhaile. Cuireann an brainse speisialta ceisteanna ort le linn na cuairte sin agus scríobhann siad tuarascáil fút. Tar éis cúpla faigheann amach ón Roinn Gnóthaí Baile an bhfuil cead isteach agat. Muna bhfuil, mhínítear cén fáth nach bhfuil.

Ag an am sin i 1987 d’inis go hoscailte don oifigeach ón bhrainse speisialta an fáth go raibh ag iarraidh cuairt a thabhairt ar Ronnie McCartney, agus go raibh an t-oifigeach rud beag ait, shíl gur éirigh go maith liom san agallamh leis.

D’imigh na míonna thart agus níor chuala faic ón Roinn Gnóthaí Baile, go raibh féin agus Ronnie ag scríobh chuig a chéile.

I na Nollag 1987 fuair scairt ghutháin ó Mháirtín Ó Muilleoir. Dúirt liom go raibh ag teacht go Sasana le cuairt Nollag a thabhairt ar Ronnie agus go dtiocfadh linn dul go Gartree le chéile, féin ag tiomáint. Bhí iontas air nuair a d’inis nach raibh cead isteach agam fós ón Roinn Gnóthaí Baile. Dúirt liom go dtiocfadh liom é a fháil díreach ón ghobharnóir (“governor’s discretiona thugtar air seo) agus d’iarr orm scairt a chur air, rud a rinne . raibh ag súil lecéad míle fáilte isteacha fháil uaidh ach raibh ag súil leis an fhreagra borb, naimhdeach, eascairdiúil a fuair nuair a labhair le hoifigeach éigin sa phríosún ar an ghuthán.

Níor thuig an naimhdeas go dtí gur amharc ar an nuacht ar an teilifís an tráthnóna sin. Faoi Phríosún Gartree a bhí an príomhscéal; thuirling héileacaptar i gclós an phríosúin agus chuidigh le beirt bhithiúnach ó Londain na cosa a thabhairt leo. Thuig ansin an fáth go raibh siad borb liom, agus féin ag cur tharam ar an ghuthán nuair a bhí an t-éalú ag dul ar aghaidh. Phléasc Máirtín amach ag gáire nuair a d’inis an scéal ar an ghuthán. “Shíl siad go raibh ag iarraidh a n-aird a tharraingt ón éalú,” a dúirt liom ag magadh.

nach raibh cead isteach agam, thug síob do Mháirtín síos go Gartree agus chuaigh isteach leis chun an córas a fheiceáil. B’éigean dul trí bhrathadóir miotail agus d’fhiafraigh bairdéir de an raibh rud ar bith déanta as miotal ina phócaí aige. “Mar shampla?” arsa Máirtín.

Well, helicopter rotar blades, anything like that,” arsa an bairdéir.

Phléasc féin amach ag gáire an iarraidh seo.

Cruinniú leis an ghobharnóir

Tar éis na cuairte, lean leis an chomhfhreagras le Ronnie ach níor chuala faic ón Roinn Gnóthaí Baile sa bhliain úr, 1988. Sa deireadh, d’iarr Ronnie cruinniú leis an ghobharnóir faoin scéal. Dúirt an gobharnóir leis, go neamhbhalbh, nach raibh i mo dhuine fóirsteanachle cuairt a thabhairt ar an áit, de réir na Roinne.

De bhrí gur dhuine nach raibh taifead coiriúil aige, mheas nach raibh fóirsteanachmar gur iriseoir agus nach raibh na húdaráis ag iarraidh go bhfaigheadh a bpolasaí sna príosúin aon phoiblíocht. Fuair deimhniú ar an tuairim seo i an Mhárta 1988 nuair a fuair cead isteach go Gartree, tar éis gearán oifigiúil a dhéanamh leis an Roinn.

Chuaigh tríd an bhrathadóir miotail, geata slándála agus mar sin de agus d’fhan go foighdeach sa seomra feithimh leis na cuairteoirí eile, mná agus páistí a bhformhór, ag fanacht go scairtfeadh an bairdéir m’ainm. Scairteadh amach gach ainm sa seomra de réir a chéile, ach amháin mo cheann féin.

I mo shuí liom féin sa seomra folamh, níor thuig cad é a bhí ag titim amach. Sa deireadh, chuaigh a fhad leis an chuntar, agus chuir ceist ar an bhairdéir a bhí ag scairteadh amach na hainmneacha. “Oh, you’re the journalist chappie, aren’t you,” a dúirt , ag ligean air féin nár thug faoi deara i mo shuí i m’aonar.

You’ve got to sign this,” a mhínigh dom agus bhrúigh cáipéis oifigiúil trasna an chuntair chugam. An rud a bhí luaite sa cháipéis nach raibh cead agam rud ar bith a scríobh faoin chuairt. Thosaigh ag argóint leis; mhínigh go ndúirt leis an bhrainse speisialta san agallamh go raibh ag déanamh taighde d’alt, agus gur sin an fáth a raibh tar éis 150 míle a thiomáint ó Learpholl. raibh suim laghad aige sa scéal. “It’s up to you, sport; either you sign it or I don’t let you in,” arsa seisean.

Bhí a fhios agam go raibh Ronnie ag fanacht orm istigh agus mar sin shínigh an cháipéis agus chuaigh go sciathán na gcuairteoirí in éineacht le bairdéir. Bhí Ronnie ina shuí ansin, beirt bhairdéirí eile ina suí cóngarach , ag cúléisteacht le gach rud.

Cén fáth a bhfuil mall?” d’fhiafraigh Ronnie díom. D’inis cad é a tharla dom agus chuir ceist ar na bairdéirí go feargach: “Is this true?”

Ghabh siad leithscéal leis, dúirt nach raibh locht ar bith orthusan agus chuir siad an milleán arthe security people”.

Tríd an chomhrá seo, labhair Ronnie i nguth soiléir, misniúil. Níor dhuine faoi chois é, fiú tar éis dhá bhliain déag mar phríosúnach den Chineál A.

I rith an ama sin, chaith cúig bliana i ngaibhniú aonair. Cén dóigh a raibh ábalta déileáil le téarma príosúin chomh fada seo a d’fhiafraigh de.

Is iad na chéad deich mbliana is measa. Tar éis sin, seolann tríd an daoirse,” a d’inis dom.

Jabanna uirísle

Thug na húdaráispríosúnaigh threascrachaar na poblachtánaigh agus bhfuair siad cead ach jabanna uirísle a dhéanamh. raibh cead acu cúrsaí oideachais a dhéanamh agus go minic bhíodh siad i dtreis leis na húdaráis. In éineacht le Paul Norney, Eddie O’Neil agus Eddie Byrne, rinne Ronnie iarracht éalú ó Wormwood Scrubs i 1977 ach gabhadh iad sa chlós. Ghlac páirt sa chíréib in Gartree i 1978 agus agóid ar an díon ansin agus i Wormwood Scrubs i 1980.

Thug Ronnie dúshlán dlíthiúil i gcoinne an choisc ar oideachas nuair a bhí i Hull i 1979 ach dúirt an gobharnóir leis nach raibh i dteideal a leithéid mar go raibh ag cur in aghaidh an chórais. Ach ansin, i 1982 in Albany in Inis Iocht, d’athraigh siad an polasaí gan aon mhíniú a thabhairt. Rinne Ronnie céim sa pholaitíocht leis an Ollscoil Oscailte. Fuair céad onóracha agus rinne ard-dioplóma i gCoireolaíocht chomh maith.

Ar ndóigh, bhí anailís déanta aige ar an choimhlint in Éirinn go dtí sin agus óna bhéal féin a chuala an chéad trácht arphróiseas na síochána”.

Bhí PC Craig ar aon intinn leis sa chlár a craoladh ar an BBC. Ag míniú an fáth go raibh sásta suí síos le Ronnie McCartney agus labhairt leis, dúirt : “I’m hoping in some small way that this will contribute to an end to the fighting which is still going on. End this madness. Save other people from getting hurt.”

Ach ar ais i 1988 raibh mórán dóchais ann. Bhí Ceathrar Guildford, Seisear Birmingham agus a leithéid fós in ngéibheann, agus mar a dúirt , raibh fiú cead scríobh go díreach faoi chúrsaí sna príosúin. Seo an t-am nuair a bhí an chaint uilig faoiGlasnostin Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha agus Rialtas na Breataine ag cur comhairle ar fáil do rialtas na tíre sin faoin daonlathas agus cearta daonna.

Ach bhí an chuairt a thug ar Ronnie McCartney fíorluachmhar domsa mar fuair a lán eolais cúlra agus bhí níb eolaí ar chúrsaí agus ag scríobh altanna ina dhiaidh sin.

Riail phríosúin ó 1964 (uimhir 5, alt 37) a chuir an cosc i bhfeidhm sa Bhreatain agus bhí deacrachtaí ag Chris Mullen MP léi nuair a bhí ag déanamh taighde ar Sheisear Birmingham. Smuigleáil téipthaifeadán isteach sa phríosún agus rinne na príosúnaigh a thaifeadadh. Bhí raic faoi seo agus cásanna eile agus chuaigh riail 37 go dtí an Chúirt Achomhairc cúpla uair. Sa deireadh, i Iúil 1999, dúirt na Tiarnaí Dlí gur chuir an cosc isteach ar shaoirse cainte agus go raibh mídhleathach, agus mar sin de chuir siad stad leis. B’in deich mbliana tar éis thitim Bhalla Bheirlín.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.