AR NA SAOLTA SEO
Croeso Croíúil Thoir ach Fáilte gan Forbairt Abhus
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Níl aon leas ceart á bhaint ag Éirinn as tionscal na sléibhteoireachta, dar le Breandán Delap. Ach caithfear fadhbanna maidir le cead siúil a réiteach más mian linn sléibhteoirí a mhealladh chun na tíre.

Íomhá
Breandán Delap agus cairde ar Yr Wyddfa
Íomhá
Caorthann beo ar charraig i Leitir Choilleadh, Tír Chonaill
Íomhá
Sliabh a Liag, acmhainn turasóireachta
Íomhá
Comhartha siúl sléibhe
Íomhá
Acmhainn don phobail, Sliabh a Liag

Seo alt faoi dhá shliabh, atá ar dhá thaobh éagsúla de Mhuir Éireann. Yr Wyddfa is ainm do cheann amháin acu, is é sin, ‘Snowdon’ do mhuintir an Bhéarla, agus is é an sliabh is airde sa Bhreatain Bhig é. 3,560 troigh ar airde atá sé. Corrán Tuathail is ainm don cheann eile agus cé go bhfuil sé os cionn céad troigh níos ísle, is ann atá an pointe is airde in Éirinn. Mar a bheifeá ag súil leis, tá radharcanna áille le feiceáil uathu araon. Ach sin a bhfuil de chosúlacht eatarthu.

Bíonn na sluaite daoine ag siúl ar Yr Wyddfa gach lá. Bíonn oiread daoine air is nach bhfuil go leor spás pairceála sa charrchlós agus gur minic a chaithfear tiomáint go dtí na bailte beaga máguaird lena leithéid a fháil. Bíonn seirbhís rialta busanna idir na bailte seo agus bun an tsléibhe, áit a bhfuil bialann bheag agus áiseanna leithris. Suas mullach agus síos ailt, tá cuma na maitheasa ar na cosáin, atá greannta sa charraig lom. Go deimhin meastar go dtéann ar an mheán 1,000 duine go barr Yr Wyddfa gach aon lá den bhliain.

Is lú i bhfad líon na ndaoine a théann go Corrán Tuathail. Níl aon áis leithris sa charrchlós beag ag Lios Leadhbáin agus níl aon seirbhís bus le thú a thabhairt ann. Is é Dréimire an Diabhail i gCom Caillí an bealach is coitianta le tabhairt faoin sliabh cé nach bhfuil aon chosán ceart tógtha ann mar atá ar leithéidí Bheinn Neibhis nó ar Yr Wyddfa. Tá fógraí crochta leath bealaigh in airde a thugann foláireamh do shiúlóirí faoin chontúirt a bhaineann leis: “Tonnes of unstable rock and scree now present a high level of objective dangers and local guides are strongly advising people to avoid the route.” Comharlaítear do dhaoine dul ar mhalairt slí cionn is gur tharla trí sciorradh talún ann le chor a bheith bliain anuas. I bhfocail eile, ní mholtar do shiúlóirí an bealach go dtí an sliabh is airde sa tír a shiúl.

Nuair a thug mise faoi Chorrán Tuathail don chéad uair breis is scór bliain ó shin bhí féar is nóiníní ag fás go flúirseach ar an dréimire, ach níl ann ach clabar deargtha is carraigeacha amha anois, mar thoradh ar shíorchreimeadh agus ar an ró-úsáid. Is baolach ar fad a bhíonn sé tar éis múr fearthainne. I dtír ar bith eile, bheadh leaca ón cheantar áitiúil curtha sna háiteanna ina bhfuil an creimeadh is measa i bhfad ó shin lena chinntiú nach mbeadh aon chontúirt ag baint leis. Ach níor deineadh amlaidh sa chás seo, ainneoin an tír a bheith lofa le hairgead le blianta beaga anuas. Is léiriú é seo den easpa léirstine is treorach a bhaineann leis an ghné ríthábhachtach seo dár dtionscal turasóireachta.

Forbairt Aiceanta Inbhuanaithe

Níor mhiste i gcónaí, ar ndóigh, teann a bheith ar ár gcúl againn in am an ghátair. Ag am ina bhfuil ollchomhlachtaí domhanda ag baint na sála dá chéile ag tréigean na tíre, ba cheart go mbeadh muid ábalta titim siar ar na nithe atá againn go nádúrtha. Ceann acu sin is ea an turasóireacht, cé go maítear i dtólamh go mbíonn an séasúr thar a bheith gairid agus nach dtig brath ar an aimsir! Ach ní gá gur mar sin a bheadh sé, ach leas a bhaint as áis atá againn go flúirseach – sléibhte áille na tíre.

Rith an méid sin liom le linn turas sléibhteoireachta chun na Breataine Bige ar na mallaibh. Ba bheag fáil a bhí ar leapacha i mbailte beaga Thuaisceart na tíre sin, cé go raibh laethanta gairide, cheann an tséasúir dar leat, ag teannadh linn. Níor dhruid na bialanna don gheimhreadh, mar is nós le go leor sa tír seo a dhéanamh, mar gur beag difir ó thaobh ráchairte de, a fheictear ó cheann ceann na bliana. Cé go raibh sé ag cur de dhíon is de dheora, thug scaifte mór faoi mhala Yr Wyddfa. Níor léir go raibh na gálaí gaoithe, ná na duartain ná an ceobhrán ag déanamh buartha dóibh. Daoine iad seo a tháinig go speisialta chuig an cheantar le dul ag dreapadh nó ag siúl sléibhe. Ó tharla go gcaithfear lóistín a eagrú cúpla mí roimhe sin, níl aon bhaol nach dtiocfaidh siad mura mbíonn tuar na haimsire ag fóirstean. Samhlaím gur mó an slua ar an chruach an deireadh seachtaine sin ná mar a bhí ar shléibhte uile na hÉireann an deireadh seachtaine céanna. Meastar go deimhin, go dtagann tuairim is ocht milliún cuairteoir go hEryri (‘Snowdonia’ sa Bhéarla) gach bliain agus go bhfanann a leath acu siúd sa cheantar ar feadh dhá nó trí lá.

Is bocht an scéal é nach bhfuil an margadh chomh láidir céanna in Éirinn, mar go bhfuil táirge den scoth againn ach leas ceart a bhaint as. Níor cheart go gcuirfeadh sé aon iontas orainn, áfach, óir gur beag cúram ná airgead ná am a caitheadh ag forbairt an táirge chéanna ná ag déanamh margaíochta air le linn na tréimhse ardrachmais a bhí againn le dornán blianta anuas. Tá cosáin ar nós The Western Way i gContaetha na Gaillimhe agus Maigh Eo báite agus ligthe i bhfiáin, cheal aire cheart, leanúnach.

I dtíortha eile, bíonn tionscail bheaga bunaithe ar a leithéid de chosáin, idir lóistín, bheatha, thaistil, lucht aistriú málaí srl. Arís eile, sílim gur mó duine a bhíonn ag siúl The West Highland Way (a théann ó Ghlaschú go dtí an Gearasdan in Albain) in aon lá amháin i rith an tsamhraidh ná mar a bhíonn ar chosáin siúil uile na hÉireann le linn an tsamhraidh ina n-iomláine. Cur i gcéill atá ina leithéid sa tír seo; fir bhuí greannta ar chuaillí agus gan léarscáil, gan eolas ná leabhrán ar fáil le tuilleadh eolais a thabhairt duit faoi.

Ní hionann sin le rá nach bhfuil iarrachtaí aonaracha nó imeachtaí sléibhteoireachta á n-eagrú thall is abhus, ach ní léir dom go bhfuil aon tiomantas náisiúnta ná mórphlean comhordnaithe ann le forbairt a dhéanamh ar an tsléibhteoireacht anseo. Níl mé ag maíomh ach an oiread gur cheart go mbeadh cosán tógtha ar achan sliabh in Éirinn - mhillfeadh a leithéid áilleacht aiceanta agus fiántas na tíre – ach ba cheart aire a thabhairt do na cnoic is mó a dhreaptar sa tír ar nós Corrán Tuathail, Cruach Phádraig, an Earagail, Sliabh a Liag agus Lug na Coille.

Freagracht an Aire

Ainneoin breis is seacht mbliana a bheith caite ag Éamon Ó Cuív ina Roinn, níl iomrá ar bith ar réiteach san aighneas idir siúlóirí sléibhe agus feirmeoirí maidir le cearta fánaíochta, ná baol air. Faoina chúram mar Aire Tuaithe, tá freagracht ar an Aire Ó Cuív i leith na ceiste seo agus is minic é ag maíomh le tamall go bhfuil réiteach tagtha ar an cheist. Ach tá dul amú air. Cinnte, tá roinnt lúbshiúlóidí forbartha le dornán blianta anuas, ach is beag iad. Go dtí go dtig leat do charr a fhágáil ar thaobh an bhóthair agus tabhairt faoin chnoc is gaire duit gan a bheith buartha go dtiocfaidh fear le gunna gráin i do dhiaidh, ní thig a rá go bhfuil deireadh tagtha leis an chonspóid seo.

Bhí an ceart ag an Aire Ó Cuív an chluas bhodhar a thabhairt do mholadh míréasúnta an IFA go n-íocfaí €5,000 in aghaidh an chileaméadair agus €1,000 in aghaidh an tsiúlóra le húinéirí talún le cead a bhronnadh siúl ar a gcuid tailte. Ach níor cuireadh a mhalairt de phlean chun tosaigh agus leanann an éiginnteacht. Ná cuirfeadh sé iontas orainn mar sin gur ag tarraingt ar thíortha eile atá siúlóirí an domhain mura bhfuil rompu anseo ach brú ar an doicheall, in áit cead siúil agus fáilte. Léiríonn taighde de chuid Fáilte Ireland go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana. Níl an t-iomaire a bhí roimhe treafa ag an Aire Ó Cuív agus is baolach gur ar an mhéar fhada a fhanfas an chonspóid seo agus go bhfágfar faoi thíortha eile an fómhar turasóireachta a bhaint. Ach le casadh úr a chur i sean-nath de chuid Gerry Adams: ‘It won’t go away, you know.”

Cead Slí ar na Fargáin

Ní fiú, áfach, a bheith ag caitheamh anuas ar an easpa dul chun cinn ar an cheist chigilteach seo, gan a mhalairt de phlean a chur chun tosaigh. Molaimse gur cheart don Aire “cead fánaíochta” a achtú, a thabharfadh cead teoranta do dhaoine dul ag spaisteoireacht ar thalamh ard na hÉireann. Tá a leithéid i bhfeidhm cheana féin in go leor de thíortha na hEorpa, an Bhreatain ina measc. Dúradh go fiú i dTuarascáil a d’eisigh dream saineolaithe a bhunaigh an Rialtais dhá bhliain ó shin, nach bhfuil aon chosc bunreachtúil ar a leithéid a dhéanamh.

Ach níl amhras ar bith ach go ngoillfeadh a leithéid de shocrú, go mór ar fheirmeoirí sléibhe na tíre. Is fada iad ag clamhsán gur beag sochar airgid a bhaineann siadsan as an siúl sléibhe agus nach bhfuil uathu ach a sciar féin den teacht isteach. Tuigim daofa, ach níl aon airgead sa tír le bheith ag roinnt déirce orthu. In áit síneadh láimhe a thabhairt dóibh, molaimse go mbunófaí ciste ar leith a thabharfadh deis do fheirmeoirí na tíre teacht i dtír ar an tionscal. Faoin chiste seo, bhronnfaí deontais ar fheirmeoirí sléibhe a bheadh ag iarraidh gnó a bhunú ar an tsléibhteoireacht, bíodh sé ina mhórthogra ar nós brú a thógáil nó ina ghnó beag ar nós ceapairí a dhíol, leaba agus bricfeasta a chur ar fáil, málaí a aistriú nó mionbhus a reáchtáil le daoine a thabhairt go tóin an tsléibhe. Glacaim leis go bhfuil tobar an státchiste tráite faoi láthair, ach thiocfadh gur ón chrannchur náisiúnta a mhaoineofaí an ciste seo.

Bheadh sé de bhuntáiste ag a leithéid de chur chuige go dtabharfadh sé leas pearsanta (agus sochar airgid) do na húinéirí in áis luachmhar atá ar leac an dorais acu. D’fháilteofaí go speisialta roimh aon chuidiú dá chineál, siocair deireadh a bheith tagtha leis na scéimeanna REPS. Ach is chun binbe a rachfas an t-aighneas gan ghníomh. Tá cinnireacht de dhíth ar an cheist seo.

  • Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal, Co na Gaillimhe.
MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.