AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Cothrom na Féinne do Mhuintir Chamberlain faoi Dheireadh
Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin Bearnaí Ó Doibhlin

Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo an t-iomrall ceartais ba mheasa san Astráil le fada an lá riamh, máthair a ciontaíodh agus a sacadh isteach sa charcair nuair a chuimil an tubaiste léi.

Íomhá
Dingo
(le Henry Whitehead ar Vicipéid)
Íomhá
Uluru
(le John Proctor ar Vicipéid)
Íomhá
Rabhadh
(le Rantz, Charles Strebor ar Flickr)
Íomhá
Comharthaí ocrais ar Oileán Fraser
(le Joel Kuster ar Picasaweb)

Bhí aird na hAstráile dírithe ar ionchoisne cróinéara in Darwin, príomhchathair na Críche Thuaidh, ar na saolta deireanacha seo. Ba é seo an ceathrú huair a thug cróinéir breithiúnas ar bhás Azaria Chamberlain, gineog a chuaigh ar iarraidh sa bhreis ar thríocha bliain ó shin. Tá scéal bhás an linbh seo ar an gcás cúirte a tharraing ní ba mhó aird ná aon chás eile i stair na tíre agus tharla an t-iomrall ceartais ba mheasa san Astráil le mo linn abhus mar gheall ar an mbás freisin.

Cuireadh tús leis an sága i mí Lúnasa, 1980, nuair a chuaigh Michael agus Lindy Chamberlain lena mbeirt mhac agus lena n-iníon nuabheirthe, Azaria, ar saoire go lár na hAstráile. Chuir siad suas a bpuball i láithreán campála in aice le Uluru, nó Ayers Rock mar a tugadh ar an gcarraig cháiliúil um an dtaca sin. Chuala Lindy a hiníon ag caoineadh sa phuball oíche amháin agus nuair a bhí sí ag teannadh leis an bpuball chonaic sí diongó ag rith amach as an láithreán agus an ghineog ina dhraid aige. D’imigh an madra as amharc agus rith an mháthair ar ais chuig na daoine eile ann ag screadach, “My God, my God, the dingo’s got my baby!”

Rinneadh dian-chuardach ar an gceantar agus fuarthas éadaí an linbh, ach ní bhfuarthas a corp. Ba scéal gáifeach é agus bhí an láithreán campála ag cur thar maoil leis na meáin i gceann cúpla lá. Ba bhean righin í Lindy a bhí in ann smacht a choimeád ar a mothúcháin nuair a labhair sí le hiriseoirí faoi thógáil a hiníne. Cuireadh tús láithreach lena daoradh sna meáin, le tráchtairí áirithe ag maíomh go raibh an neamh-mhothú seo mínádúrtha i máthair a bhí tar éis a leanbh a chailleadh - mura raibh baint aici leis.

Ag Déanamh Chailleach an Uafáis

Cuireadh go mór lena daoradh sna meáin nuair a foilsíodh scéalta faoina gcreideamh, Ateachtaigh an tSeachtú Lá. Tugadh ‘cultas’ ar a gcreideamh agus maíodh go raibh deasghnátha dubha aisteacha ar siúl aige, íobairt a n-óige san áireamh. Foilsíodh scéal gur chiallaigh an t-ainm Azaria ‘íobairt sa díthreabh’.

Bhí léirsiú lasmuigh den teach cúirte le linn an chéad ionchoisne cróinéara an bhliain dár gcionn, le hagóideoirí áirithe sa ghráscar ag tabhairt íde na muc is na madraí do na Chamberlains agus iad ar a mbealach isteach. Chaith cuid acu t-léinte leis an mana, ‘Tá an diongó neamhchiontach’ orthu. Chinn an cróinéir go raibh diongó freagrach as fuadach an linbh. Ní mó ná sásta a bhí na meáin ná na húdaráis sa Chríoch Thuaidh agus thug an Príomh-Aire ann ordú dá phóilíní fiosrúchán eile a dhéanamh.

Reáchtáladh an dara hionchoisne cróinéara bliain ní ba dhéanaí agus moladh ann go gcúiseofaí Lindy as dúnmharú a hiníne agus Michael as a bheith ina cúlpháirtí tar éis an ghnímh. Cuireadh faoi thriail iad agus ciontaíodh an bheirt acu mar gheall ar fhianaise fhóiréinseach na bhfinnéithe saineolacha. Daoradh pianbhreith shaoil gan pharúl ar Lindy agus pianbhreith de bhliain go leith curtha ar fionraí ar Michael.

Bhí Lindy ag iompar clainne arís faoin am seo agus b’éigean dí a dara hiníon a thabhairt do Michael nuair a saolaíodh í sa phríosún. Chaith sí trí bliana i ngéibheann sular scaoileadh saor í nuair a tháinig fianaise nua chun solais. Bunaíodh coimisiún ríoga leis an gcás a scagadh agus léiríodh ann go raibh an fhianaise fhóiréinseach thuas go hiomlán lochtach. Chinn an coimisiún nach raibh baint dá laghad ag na Chamberlains le bás a n-iníne agus thairg an rialtas áitiúil pardún dóibh. Tugadh $1.3 mhilliún dóibh mar chúiteamh roinnt blianta ní ba dhéanaí. Theip ar phósadh na Chamberlains agus nuair a phós sí den dara huair d’éalaigh Lindy go dtí na Stáit Aontaithe, áit ina bhfuil sí ina cónaí fós.

Claontacht na Meán

Reáchtáladh an tríú hionchoisne cróinéara sa bhliain 1995 agus rinne sé ‘fíorasc oscailte’ ar an mbás. Ní raibh muintir Chamberlain sásta leis an mbreithiúnas agus bhailigh siad fianaise ar ionsaithe diongó ar pháistí thar na blianta ó shin i leith. Ina measc siúd bhí ionsaí amháin ar Oileán Fraser inar mharaigh diongó buachaill a bhí naoi mbliana d’aois – ní raibh ach naoi seachtaine slánaithe ag Azaria nuair a tógadh í.

Chuir na Chamberlains an fhianaise seo faoi bhráid an chróinéara in Darwin anuraidh agus nuair a léigh sí í rialaigh sí go raibh diongó freagrach as tógáil na gineoige. Ba léir nuair a labhair sí ag deireadh an ionchoisne a bháúla is a bhí sí leis an méid a d’fhulaing an teaghlach, caillteanas a n-iníne ach go háirithe.

Dealraíonn scéal na Chamberlains an dóigh gur féidir le claontacht sna meáin scaoll thar na bearta a chruthú i gcoinne mionlach éislinneach. Nuair a bhíonn na meáin ar nós drong linseála, cén t-ionadh go dtarlaíonn an saghas iomrall ceartais a d’fhulaing muintir Chamberlain?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.