GNÓ AGUS TEICNEOLAÍOCHT
Costais reatha arda printéirí
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Tá comhairle ag Diarmaid Mac Mathúna an mhí seo don té a bheadh ag smaoineamh ar phrintéir nua a cheannach.

Íomhá
Íomhá
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Is minic a thagann printéir saor in aisce le ríomhaire nua-cheannaithe ach is fiú tréithe an phrintéara sin a scrúdú go mion. Cé nach dtugtar mórán airde ar rogha printéara de ghnáth, is é ceann de na gléasanna ríomhaireachta is tábhachtaí é. Is é aschur an phrintéara an rud is mó a fheicfidh daoine - is cuma cé chomh cumhachtach is atá an ríomhaire féin, is é toradh an phrintéara a fheicfidh an domhan mór.

scairdphrintéirí saora ar fáil go forleathan anois, agus cuireann siad cló ar chaighdeán ard agus pictiúir bhreátha ildaite ar fáil do ghnáthúsáideoirí ríomhairí. Is le scairdeanna beaga dúigh a chuireann na printéirí marc ar leathanach agus cé go bhfuil na scairdphrintéirí féin réasúnta saor, bíonn costais ard reatha ag baint leo. Bíonn an dúch do scairdphrintéirí daor agus nuair atá printéir á roghnú is fiú costas an dúigh bhreise a bheidh le ceannach a chur san áireamh. Go minic is fiú printéir atá beagáinín níos daoire a cheannach ar dtús toisc go mbeidh na costais reatha níos ísle san fhadtéarma.

Tá a lán saghsanna éagsúla páipéir ar fáil do scairdphrintéirí gur féidir a úsáid chun idir ghrianghraif agus mhaisiúcháin le haghaidh T-léinte a chlóbhualadh. Ach bíonn an páipéar sin an-daor ar fad agus is fearr a chinntiú go bhfuil caighdeán cló an phrintéara sásúil ar ghnáthpháipéar a bhíonn réasúnta saor.

Má bhíonn cuid mhaith cló dubh á phriontáil is fiú smaoineamh ar phrintéir léasair in áit scairdphrintéara. Tá na printéirí léasair bunaithe ar theicneolaíocht gléasanna fótachóipeála agus bíonn caighdeán an chló dhuibh níos airde uathu sin. Anuas air sin, cé go bhfuil siad níos daoire ná scairdphrintéirí bíonn siad tapaidh agus tá na costais reatha a bhaineann leo íseal go leor. Is féidir printéirí léasair daite a fháil anois ach tá siad an-daor.

Rogha eile atá tagtha ar an margadh le déanaí ná printéirí bunaithe ar chéir nó “dúch soladach”. Bíonn cuma bhreá shnasta ar an gcló uathu sin agus bíonn na dathanna bríomhar, go háirithe ar thréshoilseáin - rud nach mbíonn fíor i gcónaí i gcás printéirí léasair.

léirmheasanna ar phrintéirí le fáil in irisí ríomhaireachta agus ar an idirlíon agus is fiú iad a léamh sula gceannaítear printéir faoi leith. Dhá shuíomh gréasáin úsáideacha chuige sin ná www.techcentral.ie agus www.pcplus.co.uk.

Is féidir rudaí iontacha a dhéanamh ar ríomhairí baile le printéir na laethanta seo - agus má roghnaítear printéir maith an chéad lá is féidir na costais reatha arda a sheachaint.

Pictiúir phoiblí

=======

Tá cáil idirnáisiúnta ar ealaín na hÉireann ach níl mórán di le feiscint ar an idirlíon. Is féidir teacht ar roinnt pictiúr trí chuardach a dhéanamh le hinneall cuardaigh, ach ní bhíonn caighdeán na dtorthaí go maith i gcónaí. Tá suíomh gréasáin breá ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus tá flúirse eolais le léamh air. Tá cuid mhaith pictiúr ar an suíomh sin freisin (a bhformhór le feiscint i siopa ar-líne an ghailearaí), ach ní sampla cuimsitheach iad de na pictiúir i mbailiúchán an ghailearaí agus is trua nach bhfuil sé bunaithe ar an gcóras breá eolais atá ar fáil le fada ar na ríomhairí poiblí sa ghailearaí féin.

dearadh tarraingteach ar shuíomh an Ghailearaí Hugh Lane. Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu le clic nó dhó luiche. Cé go mbíonn fadhbanna cóipchirt ag baint le pictiúir a fhoilsiú ar an idirlíon tá gailearaithe eile timpeall an domhain tar éis suímh oideachasúla a fhorbairt. B’fhéidir gurbh fhiú níos mó béime a leagan ar an idirlíon mar mheán chun eolas ar oidhreacht ealaín na hÉireann a scaipeadh amach anseo.

Tá an t-údar ag dul le dochtúireacht san fhisic i gColáiste na Tríonóide,Baile Átha Cliath. Tá “GaelSpell 2”, an leagan is déanaí de litreoir Gaeilge a oibríonn le Microsoft Word, Outlook, FrontPage agus PowerPoint, curtha ar fáil aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.