THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Cosa siúlacha!
Máire Ní Chuagáin Máire Chuagáin

Beidh Máire Chuagáin ag tabhairt aghaidhe ar an Afraic an mhí seo agus ar an Áis níos moille sa bhliain agus beidh ag scríobh tuairiscí rialta do Beo! mar gheall ar na heachtraí a thitfidh amach le linn a cuid taistil. An mhí seo, míníonn cén t-ullmhúchán atá ar bun aige le tamall anuas.

Íomhá
Séabra i bPáirc Náisiúnta Kruger
Íomhá
Máire Chuagáin (ar dheis) ag súgradh le páistí le linn di bheith ag obair go deonach i nGána anuraidh
Íomhá

Tháinig fonn mór siúil orm anuraidh agus ba bheag amhras a bhí orm nuair a thuirling arís i mBaile Átha Cliath an samhradh seo caite, tar éis ceithre mhí a chaitheamh san Afraic, ach go mbeinn ag iarraidh dul ag taisteal arís. Bhí greim ag an bhfonn taistil ort agus, nuair a tharlaíonn sin, is deacair fáil réidh leis!

Cuireadh síol an phlean taistil atá agam anois i mbrú óige taobh amuigh de Pháirc Náisiúnta Kruger san Afraic Theas an Mheithimh seo caite, ach an plean athraithe ar a laghad fiche uair ó shin. Turas timpeall na Céinia agus na Tansáine; mhí ag obair go deonach le hainmhithe; trí mhí ag obair le páistí sa Mhaláiv; turas timpeall na Botsuáine agus na Namaibe na céadta féidearthacht tar éis teacht isteach i m’intinn! Sa deireadh, shocraigh ar thrí seachtaine a chaitheamh i nGána ag tabhairt cuairte ar an teach cónaithe ina raibh lonnaithe anuraidh agus ansin dul ó dheas agus coicís a chaitheamh ar an trá i Mósaimbíc. Caithfidh in Enkosini (www.enkosiniecoexperience.com) san Afraic Theas, ag cur leis an taithí a fuair ansin anuraidh, agus ansin buailfidh féin agus mo chara Sophia bóthar timpeall dheisceart na hAfraiceLeosóta, an Namaib, an tSaimbia agus [an Mhaláiv].

Ach nuair a bheidh san Afraic Theas, beidh leathbhealach go dtí an Astráil! Ar mholadh cara liom a bheidh san Astráil níos déanaí sa bhliain, shocraigh ar dhá mhí a chaitheamh sa tír sin i ndiaidh na hAfraice Theas. Déanfaidh mo bhealach abhaile trí Shingeapór agus an Mhalaeisia agus, le cúnamh , beidh ar ais i mBaile Átha Cliath oíche Nollag!

féidir gach aon rud a shocrú i gcás turais mar seo; bhíonn a fhios agat céard a rachaidh ceart mícheart ar an mbóthar, cén sórt tinneas aisteach maorlathas a chasfar ort, cad iad na háiteanna a dtitfidh i ngrá leo, cén sórt daoine a chasfar ort.

Ach, ar ndóigh, rudaí áirithe is a shocrú roimh . mór duit eitiltí a chur in áirithe, rud atá iontach furasta le Trailfinders. Caithfidh bheith ar an eolas faoi chúrsaí víosa féidir fáil isteach i nGána, mar shampla, gan víosa bheith agat roimh . Caithfidh cúrsaí sláinte a fhiosrú. Fuair an t-uafás instealltaí anuraidhcaithfidh nach bhfuil aon vacsaíniú taistil fágtha nach bhfuil agam cheana féin! – mar sin, raibh orm ach teanndáileog a fháil an babhta seo do Heipitíteas A agus B agus teist fola chun a chinntiú gur oibrigh .

Ach ansin na diabhal rudaí sin ann ar a dtugtar táibléid mhaláire. Is iomaí díospóireacht a bhíonn ar siúl mar gheall orthu, go háirithe ar shuímh ghréasáin taistil mar Lonely Planet (www.lonelyplanet.com) – fiú iad a thógáil, fiú ach cinn áirithe a thógáil, siad go maith agat, siad go holc agat agus mar sin de.

Bhí an t-ádh orm anuraidh agus níor tháinig an mhaláire orm, go raibh i gceantar ardriosca. Ach tháinig an galar ar chúigear seisear de na hoibrithe deonacha eile, roinnt acu a thóg na táibléid chéanna is a thóg mise, roinnt a thóg táibléid eile. Níl aon chinnteacht ann nach dtiocfaidh an galar ort thógann táibléid mhaláire, ach dar liomsa nach fiú dul sa tseans ach an oiread.

Leigheas an-daor

Thóg beagnach uair an chloig an córas ab fhearr a oibriú amach leis an dochtúir, toisc go mbeidh in áiteanna ardriosca agus in áiteanna nach bhfuil baol ar bith ann go dtiocfaidh an mhaláire orm. Níl an leigheas saor costas de thart ar €200 ar na táibléid mhaláire amháin! féidir leat aire rómhaith a thabhairt do do shláinte agus seo níos tábhachtaí fós agus i mbun taistil.

Is dócha gurb é an rud is iontaí agus is scanrúla faoin taisteal na rudaí aineolaagus na dúshláin a chruthaíonn seo duit, go praiticiúil agus go pearsanta. go leor smaointe agus mothúchán éagsúil ag baint le turas mar seo a phleanáil. Táim ag súil go bhfanfaidh féin agus gach duine sa bhaile slán sábháilte. Táim ag súil le taithí den scoth, le cuimhní iontacha, agus le neart ceachtanna agus cairdis, ach drogall orm bheith ag súil leis an iomarca! Caithfidh muinín bheith agat ionat féin, i ndaoine eile agus i rotha mór an tsaoil!

Is iomaí rud atá ag cur imní orm anois, agus trí seachtaine fágtha agam sula n-imím: An mbeidh dóthain airgid agam? An mbeidh aon deacrachtaí sláinte agam féin ag Sophia? An mbeidh deacrachtaí sa bhaile agus ar an taobh eile den domhan? An ndéanfaidh gach duine sa bhaile dearmad orm?!

Tar éis gach rud, beidh an cheist a bhíonn de shíor i m’intinn fós ansin i na Nollag: “Céard a dhéanfaidh anois?!” Den dara huair le hocht dhéag, táim ag fágáil poist chun dul ar seachrán timpeall na cruinne. Bíonn imní nua orm gach maidir leis an turas seo ach, ar deireadh thiar, is cuma! Táim óg (ar éigean!), saor agus singil agus an t-ádh dearg orm bheith in ann tabhairt faoi thuras mar seo. de dhualgas orm sult a bhaint as gach nóiméad de, maith olc. Mar a dúirt Tolkien: “Not all who wander are lost”.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Chuagáin. Bhain céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug tréimhse ag obair go deonach san Afraic anuraidh agus ar ais sa bhaile arís anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.