THALL IS ABHUS
Cosa siúlacha (Cuid 9)
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

D’fhill Máire Ní Chuagáin ar Éirinn le déanaí tar éis di ocht mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic agus san Astráil. Sa tuairisc dheireanach seo uaithi, míníonn sí cén fáth nach raibh sí róthógtha le háiteanna áirithe san Astráil.

Íomhá
Oileán Fraser, láithreán oidhreachta domhanda
Íomhá
Port Arthur, an Tasmáin

Thar áit ar bith eile ar domhan, bhí an oiread sin dea-scéalta cloiste agam faoi chósta thoir na hAstráile. Deirtear leat go bhfuil craic, cóisirí, tírdhreach iontach, daoine iontacha agus an taithí is fearr i do shaol ag feitheamh ort ansin. Is cinnte go mbíonn craic agus neart cóisirí ann, is cinnte go bhfuil an tírdhreach iontach agus fíorálainn in áiteanna agus déarfainn go bhfuil daoine iontacha ann, ach is cinnte freisin nach raibh an taithí ab fhearr i mo shaol agam sa chuid sin den turas.

Is gá dom a rá nach bhfuil aon rud mícheart leis an gcósta thoir féin. Tá trá i ndiaidh trá ann, iad fada foirfe, agus roinnt de na radharcanna is mó cáil san Astráil – Oileán Fraser (an t-oileán gainimh is mó ar domhan), Oileáin Whitsundays, Bá Byron, srl. Ach i mo thuairimse, tá an ceantar seo millte ag an ollturasóireacht. Go bunúsach, tá an iomarca daoine i ngach áit. Rud amháin a chuir as dom go mór faoin gceantar seo ná nár casadh mórán Astrálach orm in aon chor - ach casadh go leor Francach, Gearmánach, Sasanach, Éireannach, Sualannach agus Meiriceánach orm! Nuair a bhímse i dtír, is mian liom aithne a chur ar a muintir, ach bhí orm dul sa tóir ar na hAstrálaigh sa tonn mhór cúlphacálaithe a raibh an áit faoina smacht. Tá a fhios agam go raibh mé féin páirteach sa tonn sin, ach bhraith mé go raibh mé ag snámh in aghaidh na taoide amanntaí!

Rud eile a chuir as dom faoin gceantar ná an damáiste atá á dhéanamh don dúlra. Meallann áiteanna mar Oileán Fraser agus Oileáin Whitsundays na mílte cuairteoir gach mí. Tá an t-uafás comhlachtaí ann atá ag eagrú gach saghas turais timpeall na n-oileán seo. Rinne mé turas féintiomáinte ar Oileán Fraser, agus cé gur bhain mé ardtaitneamh as bheith ag tiomáint cois farraige i Land Cruiser, agus bheith ag campáil ar an trá, rith sé liom go gcaithfidh nach bhfuil an leibhéal ard turasóireachta ag déanamh mórán maitheasa don áit. Bhí go leor leor bruscair le feiceáil, agus cé go bhfuil rialacha dochta i bhfeidhm maidir leis na diongónna agus na hainmhithe eile, níl mórán amhrais ach go gcuireann sé isteach orthu daoine bheith i láthair. Cuireann líon na mbád a théann timpeall ar Oileáin Whitsundays gach lá an-bhrú ar an sceir agus ar bheatha na mara, cúis imní agus rud atá le feiceáil in Cairns freisin. Is cinnte go bhfuil an earnáil turasóireachta iontach tábhachtach do gheilleagar na hAstráile, ach measaim gur cheart dóibh treoracha agus srianta áirithe a leagan síos do na ceantair seo nó beidh siad uilig millte, agus nuair a bheidh an damáiste déanta, beidh sé ródhéanach.

Ag taisteal ar an mbus

Thaistil mé ó áit go háit ar an mbus Greyhound. Mhair an turas ba ghiorra thart ar 6 huaire an chloig agus mhair an turas ab fhaide thart ar 20 uair an chloig. I ndiaidh dom oíche fhada mhíchompordach a chaitheamh ar bhus eile (nach mise a bhí bréan de bhusanna!), shroich mé cathair Sydney, ceann de an cathracha is mó clú ar domhan. Faraor, bhí an brú óige a roghnaigh mé brocach (bhí blatóga coiteanna mar chomhluadar agam sa chistin), ach seachas sin, is cathair an-deas é Sydney. Ní dhéanann grianghraf ar bith cur síos cóir ar an Opera House nó ar Chuan Sydney – gan amhras, is iadsan a dhéanann cathair speisialta de Sydney. Chaith mé cúpla lá ag siúl liom i nGairdíní na Lusanna, timpeall Circular Quay agus an Opera House, ag ól caife agus ag siopadóireacht i Paddy’s Market, a fuair a ainm ó na hÉireannaigh a bhíodh mar na príomhchustaiméirí ann tráth. Tá an t-uafás Éireannach lonnaithe i Sydney (tugtar County Bondi go minic ar cheantar Bondi Beach), agus d’éirigh liom fiú caife a aimsiú a dhíol Barry’s Tea!

Faoin am seo, bhí mé réidh le dul abhaile, codladh i mo leaba féin, comhrá bheith agam le mo chairde agus gan bheith ag roinnt seomra, cistine agus seomra folctha le strainséirí. Ach, is dócha go raibh an choicís dheireanach san Astráil mar bhuaicphointe de mo chuid ama sa tír. Ba é Melbourne an chathair is mó a thaitin liom san Astráil, é lán atmaisféir, carachtair agus staire – is féidir básdreach Ned Kelly a fheiceáil sa seanphríosún, mar shampla, agus na piongainí is lú ar domhan a fheiceáil ar Phillip Island.

Chaith mé mo sheachtain dheireanach roimh dhul abhaile sa Tasmáin. Chuaigh an Tasmáin i gcion níos mó orm ná mar a rinne áit ar bith eile san Astráil. Bhí an tírdhreach iontach álainn agus fiáin, ní raibh an iomarca turasóirí ann agus bhí na daoine cairdiúil agus flaithiúil. Faraor, briseadh isteach sa charr a bhí ar cíos againn in Port Arthur, a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth – b’fhéidir gurbh é ceann de na taibhsí a bhí ciontach! Bhí draíocht éigin ag baint leis an Tasmáin domsa a bhí in easnamh ar an gcósta thoir. Ní thuigim cén fáth nach dtéann tuilleadh daoine chun na Tasmáine, ach b’fhéidir gur maith an rud é nach dtéann.

Agus mé i mbun an turais fhada abhaile, tríd an teas agus an t-allas i Singapore, bhí go leor ábhair machnaimh agam. Bhí go leor feicthe, cloiste agus foghlamtha agam le hocht mí anuas, i 10 dtír éagsúla, agus bhí mé tar éis codladh i níos mó ná 40 leaba éagsúil. Mhothaigh mé sona sásta ach réidh le dul abhaile. Cé go mbeidh mé ag fágáil na hÉireann arís gan mhoill, ag freagairt ghlao na hAfraice, mór-roinn a bhfuil greim aige orm, caithfidh mé a rá nach bhfuil aon leaba mar do leaba féin!

Deireadh na sraithe

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic arú anuraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.