THALL IS ABHUS
Cosa siúlacha! (Cuid 2)
P.J. Mac Gabhann P.J. Mac Gabhann

Máire Chuagáin san Afraic faoi láthair, agus beidh ag triaill ar an Áis níos moille sa bhliain, agus beidh ag scríobh tuairiscí rialta do Beo! mar gheall ar na heachtraí a thitfidh amach le linn a cuid taistil. An mhí seo, míníonn cén chaoi ar bhraith bheith ar ais i nGána, tír ar chaith tréimhse ag obair inti anuraidh.

Íomhá
Ceantar Osu, Accra
Íomhá
Íomhá

Africa seems to choose her victims carefully, and mystically imposes on them the belief that it was the right, if not the only place they should see at that point in their lives.”

Bhí bliain imithe thart on uair dheireanach a bhí i nGána, tír álainn ar chósta thiar na hAfraice, nuair a leag cos ansin arís coicís ó shin. Bhí gach rud fós difriúil agus thóg tamall orm dul i dtaithí ar na radharcanna agus ar an boladh ar fad arís. Ach ansin, mhothaigh mar nach raibh i ndiaidh an áit a fhágáil in aon chor - filleadh abhaile a bhí ann.

Faraor, cailleadh mo dhá mhála idir Baile Átha Cliath agus Accra agus bhí orm sa bhreis a chaitheamh in Accra. Chaith tráthnóna in Osu, ceantar saibhir sa chathair a bhfuil an-chuid ambasáidí lonnaithe, agus an-chuid ex-pats mar aon le hAfracaigh shaibhre ina gcónaí. Is féidir an t-uafás earraí ón Eoraip agus ó Mheiriceá a cheannach ann ach na praghsanna ard: 45,000 cedi (€4) ar bhosca Cornflakes agus 20,000 cedi (€2) ar bharra seacláide! (€250 an meánioncam bliantúil a bhí bunadh na tíre sa bhliain 2003.) D’éirigh liom mo mhálaí a aimsiú san aerfort an dár gcionn agus bhuail bóthar ag breacadh an lae suas go Kumasi.

bóthar nua á thógáil suas tríd an tír ar fad, agus is cinnte gur áis iontach a bheidh ann nuair a bheidh críochnaithe, ach idir an linn na bóithre ina bpraiseach. Nuair nach féidir le dhá charr dul thar a chéile, stopann an trácht ar thaobh amháin, múchann siad a n-inneall agus fanann siad thart ar 20 nóiméad go dtí gur féidir leo bogadh arís. Samhlaigh é sin ar an M50!

Shroich an teach cónaithe inar chaith dhá mhí anuraidh, tar éis ocht n-uaire an chloig ar an mbóthar. Ach ba chuma liom, bhí chomh sásta sin na páistí a fheiscint arís agus bhí siadsan

chomh sásta céanna mise a fheiscint - ba bheag nár leag siad go talamh ! Bhí cúpla páiste imithe ón áit agus cúpla páiste nua tagtha, iad ar fad go hálainn. Thóg tamall beag socrú síos arís - bhí aisteach ar fad bheith ann gan na hoibrithe deonacha eile a bhí ann liom, ach anois táim socraithe síos amach is amach. ceathrarMaas’ a dhéanann an chócaireacht ar fad, agus is iontach ar fad an méid is féidir leo a dhéanamh le tine, cúpla oinniún, rís agus go leor leor ola!

roinnt de na páistí bogtha ar aghaidh go dtí an mheánscoil anois. siad ag freastal ar scoil de chuid an rialtais faoi láthair ach an bhliain seo chugainn, rachaidh siad go dtí meánscoil príobháideach. Thosaigh lánúin an scoil seo, darb ainm Triumph International, mar theastaigh uathu caighdeán an oideachais sna ceantracha tuaithe a fheabhsú. Nil mórán áiseanna acu, ach foireann dhíograiseach agus fís acu agus atmaisféar bríomhar, sona sa scoil. Is iomaí difear atá idir scoileanna an rialtais agus scoileanna príobháideacha, ach níl ar chumas an chuid is mo de na teaghlaigh a bpáistí a chur chuig scoileanna príobháideacha, nach bhfuil ach thart ar €100 sa bhliain i gceist.

amháin bhí sa sráidbhaile ag baint úsáide as an bhfónan t-aon cheann sa cheantarnuair a thosaigh na scamaill bháistí ag bailiú os mo chionn. Tar éis cúpla nóiméad bhí orm crochadh suas ar mo mháthair mar nach raibh in ann í a chloisteáil thar thorann na báistí! Nuair a bhíonn ag báisteach i nGána, bhíonn aon stopadh leis. Bhí ag doirteadh anuas

agus raibh an dara rogha agam ach rith ar ais go dtí an teach. Bhí muintir na háite ar fad ag iarraidh a tharraingt isteach ón mbáisteach, ach bhí chomh fliuch sin gur chuma liom! Faoin am a shroich an teach, bhí fliuch go craiceann, agus ba bheag nach raibh flip flop caillte agam san abhainn a bhí in áit an bhóthair! Chuala screadanna agus gáire, agus ansin os mo chomhair bhí na páistí ar fad amuigh sa bháisteach ag léim timpeall agus ag rince! Bíonn orthu uisce a bhailiú gach agus, mar sin, bhí siad chun leas a bhaint as an deis seo agus chuir siad buicéid amach chun an t-uisce a bhailiú. Thosaigh siad ag a gcuid éadaí agus á féinagus ag iarraidh mise a leis! Is cosúil go raibh an t-uisce seo níos glaine an t-uisce a bhí á bhailiú acu ón sráidbhaile ar aon nós.

Is cinnte go bhfuil draíocht ag baint leis an Afraic nach mbaineann le háit ar bith eile. Feiceann rudaí a chuirfeadh gliondar ar do chroí gach aon , ach chomh maith leis sin, feiceann rudaí a bhrisfeadh do chroí. Is féidir leis an saol ansin bheith dian agus frustrachas bheith ag baint leis. Ach faigheann an áit greim ar do chroí agus féidir scaoileadh léi. B’iontach an rud ar fad é a bheith i lár an mhéid sin grá, aoibhnis agus spraoi ó na páistí gach . Agus in Ashan Children’s Home, bíonn an saol níos gile agus níos áille.

Táim ar bís chun dul sa tóir ar iontais eile na tíre móire draíochtúla seo.

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Chuagáin. Bhain céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Thug tréimhse ag obair go deonach san Afraic anuraidh agus ar ais i nGána anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.