CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Córas oiliúna Gaeilge ag teastáil go géar

Ní bheidh go leor múinteoirí a bhfuil an caighdeán cuí Gaeilge acu ar fáil don ghaelscolaíocht go dtí go mbunófar córas oiliúna trí mheán na Gaeilge.

Íomhá
Íomhá
Joe Higgins, TD: nithe fiúntacha le rá aige i dtaobh na Gaeilge
Íomhá
Páistí rang 1, 2006-2007, Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin

Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag gníomhú ar son a cuid balleagraíochtaí faoi láthair le neart phobal na Gaeilge a chur taobh thiar d’éilimh éagsúla agus olltoghchán mhí na Bealtaine ag druidim linn.

Bhí imeacht ar siúl i mBaile Átha Cliath le gairid a thug deis do na páirtithe polaitíochta a dtuairimí a nochtadh ar ábhair éagsúla sna réimsí pobal, pleanáil teanga, polasaithe agus oideachas.

Cé is moite den Aire Éamon Ó Cuív agus na Teachtaí Dála Joe Higgins agus Aengus Ó Snodaigh, ba léir nach raibh mórán ullmhúcháin déanta ag na hionadaithe a cuireadh os comhair an tslua. Tharraing an léachtóir ollscoile John Walsh aird i léacht na maidine ar an easpa Gaeilge atá ar shuímh ghréasáin na bpáirtithe uilig, seachas ar cheann Shinn Féin. Is fianaise é seo, a dúirt an tUasal Walsh, gur beag spéis i ndáiríre atá ag na hionadaithe pobail sa teanga.

Iadsan a shuigh ag an chomhdháil an lá uilig, ní ródhearfach a bhí siad ar a mbealach abhaile!

Ceann de na hábhair a pléadh ar an lá ná an caighdeán teagaisc i gcás na Gaeilge sna scoileanna náisiúnta agus glacadh go forleathan leis an tuairim go raibh deacrachtaí agus dúshláin mhóra sa réimse sin.

Cad é an réiteach fadtéarmach atá ar an cheist seo? Is fiú díospóireacht a thionscain mar gheall uirthi.

cúig choláiste oiliúna do mhúinteoirí bunscoile sa Phoblacht: Coláiste Phádraig, Droim Conrach; Coláiste Mhuire, Marino; Coláiste Frobel, an Charraig Dhubh; Coláiste Eaglais na hÉireann, Ráth Maoinis agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Tá siad ar fad ag déanamh a ndícheall, gan dabht, oiliúint mhaith a chur ar fáil i ngach réimse den churaclam, teagasc na Gaeilge san áireamh.

Bhí an córas oiliúna atá ann oiriúnach go maith am amháin ach anois tá athruithe tagtha ar an tsochaí.speisialtóireacht agus oiliúint níos doimhne ag teastáil i ngach réimse den oideachas anois agus ní heisceacht ar bith í an Ghaeilge.

céatadán suntasach de thuismitheoirí na tíre tar éis cinneadh a dhéanamh a gcuid páistí a chur chuig gaelscoil. Tá suas le 30,000 páiste ag freastal ar ghaelscoileanna ar fud na tíre; tá 10,000 páiste ag freastal ar scoileanna Gaeltachta. Má leanann fás na gaelscolaíochta, is dócha go mbeidh 50,000 dalta bunscoile ag fáil a n-oideachas i nGaeilge taobh istigh de chúig bliana. Seo suas le 10% de dhaltaí na tíre agus an céatadán céanna de na múinteoirí.

Agus múinteoirí ag dul ar scor, ag tógáil sos gairme, ag filleadh ar an staidéar nó ag imeacht le gairm eile, is cinnte go mbeidh idir céad agus 150 múinteoir de dhíth gach bliain sa chóras scolaíochta lán-ghaelaí.

Tá sé riachtanach go ndéanfaí coláiste ar leith a bhunú le hoiliúint a chur ar na hoidí gur spéis leo bheith ag teagasc sa chóras lán-ghaelach. Ba cheart go mbeadh na hoidí seo á n-oiliúint i dtimpeallacht thacúil thaitneamhach. Ba cheart oiliúint a chur orthu maidir leis na riachtanais speisialta atá i gceist agus dara teanga á teagasc agus, níos tábhachtaí ná sin, iad a spreagadh chun a chinntiú go mbeadh siad tiomanta don Ghaeilge tar na hoiliúna. Dar ndóigh, bheadh an rogha acu dul isteach sa chóras Béarla fosta dá mba mhian leo.

Cuirfear argóintí maithe chun cinn i gcoinne an mholta seo. Ceann acu sin ná go ndéanfadh sé dochar do na coláistí atá ann faoi láthair agus go ndéanfadh sé an Ghaeilge ní ba laige iontu. Tá seans go bhfuil cuid den fhírinne sa mhéid sin ach is fearr an toradh a bheadh ann dá mbeadh ár gcuid scoileanna lán-Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ag feidhmiú mar is ceart.

Mura gcuirtear ar bun córas oiliúna Gaeilge sna blianta atá romhainn, is iad na daltaí ar mian leo a gcuid oideachais a fháil trí mheán na teanga sin a bheas thíos leis.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.