CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Conradh Liospóin: faillí déanta ag na ceannairí
Íomhá
Charlie McCreevy: “No one in their sane mind would read the Lisbon Treaty.”
Íomhá
Bhí an feachtas i gcoinne an Chonartha i bhfad níb fheiceálaí an feachtas ar a shon
Íomhá
D'fhéach Bernard Kouchner le brú a chur ar mhuintir na hÉireann vóta a chaitheamh ar son an Chonartha

Níl aon dabht ach gurbh é an reifreann conspóideach atá díreach curtha dínn againn an scéal ba mhó a bhí i mbéal an phobail le anuas. an chuma ar an scéal go bhfuil an phraiseach ar fud na mias faoi láthair agus léir go bhfuil teacht aniar ar bith i gConradh Liospóin.

I ndiaidh an reifrinn, chuir an Taoiseach Brian Cowen liosta le chéile de na nithe ba chúis le muintir na hÉireann a bheith scanraithe ag an gConradh. Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist ndaingneofaí an Conradh. D’aithin Cowen chomh maith go raibh daoine buartha faoi neodracht na tíre seo agus eagla orthu go dtiocfadh leis an gCúirt Bhreithiúnas Eorpach rialú a dhéanamh i réimsí conspóideacha mar an ginmhilleadh.

Dealraíonn go raibh go leor fáthanna leis an toradh, mar sin. Ach nuair a chuirtear iad ar fad le chéile, tagann fáth bunúsach chun cinnfáth atá, mar a deirtear sa Bhéarla, greater than the sum of its parts. Is éard atá i gceist amhras, easpa muiníne agus mearbhall i measc lucht vótála na hÉireann i leith an Chonartha.

Maolaisnéis a bheadh ann a gur lig an Rialtas na maidí le sruth agus anfeachtasar son dhaingniú an Chonartha ar siúl acu. Eachtra amháin atá clúiteach míchlúiteachfaoin am seo Charlie McCreevy ag admháil nach raibh an téacs fiú léite aige roimh an reifreann mar gheall ar é a bheithincomprehensible”. “No one in their sane mind would read the Lisbon Treaty,” a dúirt .

Thug Cowen agus McCreevy le fios nár chóir don ghnáthvótálaí a bheith buartha faoi shonraí an Chonartha. Dúirt McCreevy, “*I certainly wouldn’t expect the ordinary, decent people of Ireland to read [it].” *B’fhéidir go raibh an ceart aige faoi

sin, ach, agus é ina choimisinéir Eorpach, is é is a dhéanamh cáipéisí ríthábhachtacha Eorpacha a léamh.

Bíodh is gur bheag don Rialtas na mionsonraí, ba mhór iad don dream a bhí i mbun feachtais. Le linn do McCreevy a bheith ag maíomh as a easpa díograise, bhíodar siúd a bhí in aghaidh an Chonartha eagraithe go maith agus d’éirigh leo an folús a líonadh le hamhras. gur chuir siad síol an amhraisd’fhéadfá a go raibh curtha cheana féinach chothaigh siad é a dhóthain lena chinntiú go ndiúltófaí don Chonradh.

Níor spreag seasamh cheannairí na hEorpa dea-thoil i measc mhuintir na tíre seo ach an oiread. Braitheadh go forleathan go rabhthas ag cur crua ar mhuintir na hÉireann vóta a chaitheamh ar son an Chonartha. Mar shampla, d’éirigh le Bernard Kouchner, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, an-dochar a dhéanamh ag tús na míosa seo caite nuair a dúirt le linn agallaimh raidió: “A* ‘no’ vote from the Irish would be greeted with gigantic incomprehension from the rest of Europ ...The first victims would be the Irish. They have benefited more than others ... [the] Irish would be penalizing themselves [by rejecting the Lisbon Treaty] ... everyone else is going to ratify it. It would be very, very awkward if we were not able to count on the Irish who have often counted on Europe." raibh aon bhrú i gceist, mar sin!In eagrán *Beo! na míosa seo, anailís déanta ag Ciarán Mac Aonghusa ar na fáthanna ar vótáil muintir na hÉireann i gcoinne an Chonartha agus luann rud ar leith ba cheart a bheith curtha ar liosta an Taoisigh: imní mar gheall ar an bhféiniúlacht Éireannach.

Deir , “Is cinnte go dtuigeann daoine gur bhain an tír seo tairbhe as a bheith ina ballstát den Aontas Eorpach, ach tuigeann siad freisin go bhfuil an saol á chur as aithne. daoine neamhshocair agus eagla orthu go dtréigfimid ár ndúchas. Léiríonn an suirbhé [Eurobarometer] a rinneadh i ndiaidh an reifrinn, gurbh é an dara cúis is coitianta a bhí acu siúd a vótáil Níl go raibh siad ag iarraidh ár bhféiniúlacht Éireannach a chosaint. Is léir go gceapann go leor daoine go bhfuil cultúr na tíre seo idir dhá cheann na meá.” fios go beacht céard a tharlóidh do Chonradh Liospóin amach anseo. Táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas daingnithe i láthair na huaire. Ach chuirfear i bhfeidhm é gan na ballstáit uilig a bheith ar bord, mar dhea.Tagann Beo! leis an tuairim gur rud dearfach, fiúntach, riachtanach é an tionscadal Eorpach. Ach caithfidh Rialtas na hÉireann agus ceannairí eile na hEorpa teacht ar bhealach éigin le cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh leis na gnáthdhaoine.

síol an amhrais curtha. Ba mhór an trua é dtiocfadh faoi bhláth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.