COMÓRTAIS
Comórtas Mhí na Samhna
Íomhá
Sceon na Mara
Íomhá
Gaolta Gairide

Tabhair cuairt ar bhlag Chois Life agus caith súil ar an fhíseán ann (sa nasc anseo thíos) chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Céard “a bhí in intinn” an údair, Liam Ó Muirthile, “seachas who dunnit” san úrscéal ‘Sceon na Mara’?

Nasc anseo: Blag Cois Life

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 25 Samhain 2010 agus bíodh na focail ‘Comórtas na Samhna’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar:

‘Sceon na Mara’ le Liam Ó Muirthile

Nó:

Gaolta Gairide’ le Máirín Nic Eoin (eag.)

‘Sceon na Mara’ – le Liam Ó Muirthile

ISBN: 978-1-907494-00-0

Foilsithe: 2010

Leathanaigh: 182

Le ceannach ó Amazon (Ríomhleabhar Kindle / Kindle eBook). »

Scéal bleachtaireachta é Sceon na Mara a bhaineann go dlúth leis an bhfarraige ar an gcósta thoir, agus a thugann léargas ar stráice comhaimseartha de shaol na hÉireann. Tá dúnmharfóir ban amuigh ansin, é ag baint sásaimh as craos cortha a shamhlaíochta féin. Nó an bhfuil sé inár measc féin? Tá an pobal Filipíneach go háirithe, scanraithe. Jack Hennessy agus a mheitheal a chaitheann dul sa tóir air. Fear stuama, righin é Hennessy. Agus mar is dual don iar-iomanaí contae seo as Cill Chainnigh, tá an diongbháilteacht go smior ann. Is féidir féachaint ar fhíseán ina gcuireann Liam Ó Muirthile síos ar an leabhar ach brú anseo.

‘Gaolta Gairide’ le Máirín Nic Eoin (eag.)

Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh,

Eagrán úr méadaithe (ó 2001):

Le Máirín Nic Eoin

ISBN: 978-1-901176-27-8

Foilsithe: 2001

Leathanaigh: 96

Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin. Léachtóir le Nua-Ghaeilge i gColáiste Phádraig,Droim Conrach, is ea an Dr Máirín Nic Eoin. Ar na leabhair eile atá scríofa aici tá B’ait leo bean: gnéithe den idé-eolaíocht inscne i dtraidisiún na Gaeilge a bhuaigh duais an Irish Times 1999 don leabhar Gaeilge ab fhearr, agus Trén bhFearann Breac (2005) a d’fhoilsigh Cois Life.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.