COMÓRTAIS
Comórtas mhí na Nollag

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Thaidhg Mhic Dhonnagáin (www.futafata.com) chun freagra na ceiste seo a fháil:

Cén chuid den tír lena mbaineann an t-ábhar atá le fáil sa leabhar Aniar?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Nollaig 2007. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí na Nollag mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí ann agus gheobhaidh siad ceann de na duaiseanna seo:

An leabhar agus dúthdhiosca nua ó Thadhg Mac Dhonnagáin, Aniar (www.futafata.com).

Cóip de na 8 leabhar sa tsraith *Open Door, *atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta agus ar dhéagóirí. I measc na n-údar a bhfuil a saothar aistrithe go Gaeilge tá Maeve Binchy, Roddy Doyle agus Patricia Scanlan, agus is é an t-eagras COGG (www.cogg.ie) na foilsitheoirí.

Beo! an-bhuíoch de Thadhg Mac Dhonnagáin agus de COGG as na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.