COMÓRTAIS
Comórtas mhí na Nollag Beo!
Íomhá

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an ionaid The Village ag www.thevillagevenue.com/page.php?cat=34 chun freagra na ceiste seo a fháil:

Cén ball den ghrúpa Kíla a bheas ag seinm ag an cheolchoirm mhór, Cóisir na Nollag, a bheas ar siúl sa Village ar an 7 Nollaig?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí na Nollag’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile. Abair fosta, le do thoil, cé acu duais thíos ba mhaith leat.

Duaiseanna

Beidh triúr buaiteoirí ann agus gheobhaidh gach duine acu ceann de na duaiseanna seo:

Dhá thicéad (luach €30) chuig Cóisir na Nollag, an cheolchoirm a bheas ar siúl sa Village, Sráid Loch Garman, Baile Átha Cliath ar an 7 Nollag chun airgead a bhailiú don charthanacht Alone. Beidh rac-cheol agus ceol traidisiúnta le cloisteáil ag an ócáid agus beidh céilí ann ag deireadh na hoíche.

Cóip de Light of Lights / Solas na Soilse, albam nua d’amhráin Nollag i nGaeilge le Finola Ó Siochrú

Cóip de Hormóin agus Scéalta eile, cnuasach nua gearrscéalta le Pól Ó Muirí

Beo! an-bhuíoch de Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), Comhar (www.comhar.net) agus Finola Ó Siochrú (www.osiochru.com) as ucht na duaiseanna a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.