COMÓRTAIS
Comórtas Mhí na Nollag
Íomhá
Charades as Gaeilge

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín Glór na nGael chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén baile a bhuaigh duais Ghlór na nGael sa bhliain 1962?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Nollaig 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Nollag’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Charades as Gaeilge ó Ghlór na nGael

Is cluiche geamaireachta é Charades ina gcaithfidh baill foirne aisteoireacht a dhéanamh le leideanna a thabhairt dá chéile ionas go mbeidh siad in ann focail a thomhas laistigh de thrí nóiméad. Tá sé ar fáil as Gaeilge anois ....agus is é do shealsa anois é! Is cluiche do gach aois daoine é.

Tá Glór na nGael i ndiaidh Scrabble agus Scrabble Sóisir a eisiúint le trí bliana anuas cheana féin. D’fhoilsigh siad míreanna mearaí, rannta agus leabhair d’achan chineál in imeacht na mblianta chomh maith.

“Mar chuid dár bplean straitéise 2008-2010, agus arís, an beartas straitéise reatha, tá sprioc ag Glór na nGael áiseanna don fhoghlamóir agus don chainteoir Gaeilge araon, a chuidíonn le deiseanna labhartha i suíomhanna spraoi agus sóisialta a fhorbairt. Is cúis áthais dúinn anois go bhfuil an cluiche nua seo ar fáil agus go bhfuil sé ar fáil.” a dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, nuair a sheol sé an cluiche.

Tá Beo an-bhuíoch de Ghlór na nGael as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.