COMÓRTAIS
Comórtas Mhí na Nollag
Íomhá
Sé an Saol an Máistir
Íomhá
An Lámhscríbhinn

Tabhair cuairt ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht agus chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén t-achar blianta atá Cló Iar-Chonnacht ar an bhfód anois?

Nasc anseo: http://www.cic.ie

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 23 Nollaig 2010 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Nollag’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo:

Sé an Saol an Máistir

Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir

Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaíglór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair. Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd. Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha. Is fada muid ag feitheamh leis an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.

Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar. Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.

Clúdach: Crua, Tagairt: ISBN 978-1-905560-65-3

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.