COMÓRTAIS
Comórtas Mhí na Nollag
Íomhá

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Fios Feasa (http://www.fiosfeasa.com/index.asp) chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cad é tairiscint na míosa ag Fios Feasa?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 20 Nollaig 2009 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Nollag’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ó Fios Feasa, mar atá, CD ROM atá an-tráthúil um Nollaig:

Amhrán is Fiche don Nollaig

Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh. Tá formáid an CD ROM cosúil leis an dá theideal eile Amhrán is Fiche agus Amhrán is Fiche Eile: bíonn focail an amhráin le feiscint ar an scáileán, le liathróidín ag imeacht roimhe ag léiriú cad iad na focail atá á rá; tá “backing tracks” ann chun go bhféadfadh tú na hamhráin a rá i stíl karaoke; tá aistriúchán Béarla de na focail ar fáil ar an CD; tá áis ann chun na focail a phriontáil amach; agus tá ceachtanna samplacha do mhúinteoirí ag léiriú an tslí a fhéadfaí úsáid a bhaint as na hamhráin sa seomra ranga. Ina dteannta sin, tá nótaí ann faoi gach amhrán agus gluais d’fhocail agus d’fhoirmeacha neamhchoitianta.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.