COMÓRTAIS
Comórtas Mhí na Bealtaine
Íomhá

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo: http://www.ficheall.wordpress.com

An Cheist

Cén líon fadhbanna fichille a bhfuil trácht orthu ann?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Bealtaine 2014 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Bealtaine’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip den leabhar: Ficheall
Le Úna O Boyle

Ag tabhairt fichille chuig Gaeilgeoirí agus ag tabhairt Gaeilge chuig na ficheallaithe.
Tá an Fhicheall ar an gcluiche boird is fearr a cruthaíodh riamh, gan amhras! Tá na céadta leabhar scríofa i dteangacha éagsúla ar an bhficheall agus ar ghnéithe éagsúla an chluiche ach is cosúil gur seo an chéad leabhar ficheall a scríobhadh i nGaeilge.

Tá an leabhar seo scríofa don ghnáthphobal, don duine óg nach bhfuil eolas ar bith aige faoin gcluiche, don imreoir géar cumasach gur maith leis snas a chur ar a scileanna imeartha chun buachan ar a chairde agus don duine uaillmhianach a dteastaíonn uaidh pairt a ghlacadh i gcomórtais fichille.

Úna O Boyle
Tá BEO an-bhuíoch de Úna O Boyle as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.