COMÓRTAIS
Comórtas Mhí na Bealtaine
Íomhá
Scrabble do Leanaí
Íomhá
Scrabble Urláir

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. (COGG) ag www.cogg.ie chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cad iad ‘trí mhór-réimse oibre’ COGG?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 20 Bealtaine 2010 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí na Bealtaine’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna:

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais Scrabble do Leanaí. Cé go bhfuil Daidí na Nollag imithe leis is léir go bhfuil roinnt féiríní ar fáil fiú i Mí na Bealtaine! D’fhógair Glór na nGael ceann de na cluichí is spéisiúla fós do ghasúir Ghaeilge nuair a nochtadh an chéad chóip de ‘Junior Scrabble - Puzal Ollmhór Urláir do Leanaí’.

Is comhthionscnamh Junior Scrabble idir Glór na nGael agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. (COGG).

Agus é ag cur fáilte roimh an gcluiche nua dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael, gur “céim chun cinn í seo i normalú na Gaeilge. Is é atá i Junior Scrabble ná cluiche míreanna mearaí, móide cluiche foghlamtha litrithe, móide cluichí meaitseála focal (péirí, nithe beo).

Cuideoidh cluiche mar seo le teaghlaigh atá ag tógáil na clainne le Gaeilge, ar ndóigh, ach is áis í chomh maith do theaghlaigh ar mhaith leo cluichí nua a imirt lena leanaí”.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin Príomhfheidhmeannach COGG, go mbeidh an cluiche iontach áisiúil sna naíonáin agus sna bunranganna, ní amháin i nGaelscoileanna agus i scoileanna Gaeltachta, ach i scoileanna Béarla fosta. “Tá an cluiche seo inchurtha i ngach caoi lena mhacasamhail i dteangacha eile agus táimid ag súil go mór leis an gcluiche a fheiceáil in úsáid mar uirlis sealbhaithe na Gaeilge”.

Tá Beo.ie an-bhuíoch de COGG, www.cogg.ie as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.