COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Mheán Fómhair
Íomhá
Gonta

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo CIC

An Cheist

Cé na leabhair de chuid Alex Hijmans atá ar fáil ó shuíomh Chló Iar-Chonnacht?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Meán Fómhair 2012 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Mheán Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip den leabhar ‘Gonta’ le Alex Hijmans

Gonta:

Tionscnamh ilteangach scríbhneoireachta é gearrscéalta Gonta a saothraíodh i nGaeilge, in Ollainnis agus i mBéarla. Chruthaigh an t-údar ar dtús iad i mbunteanga amháin díobh sin agus rinne sé na haistriúcháin go dtí an dá theanga eile ina dhiaidh sin.

Foilsíodh cúpla bunscéal Gaeilge san iris Comhar agus bhain ’What’s a man without a brother?’ (an leagan Béarla de scéal eile) ionad amach ar ghearrliosta an Fish Short Story Prize 2012. Tá sé i gceist ag an údar cuid áirithe de na leaganacha Béarla agus Ollainnise a fhoilsiú amach anseo. Ar ndóigh, tá rian teanga eile go láidir ar na scéalta seo freisin, Portaingéilis Bahia, teanga na gcarachtar. Formáid: Clúdach bog Tagairt: 9781907494291

Alex Hijmans faoi agallamh ag Nuacht24

Cois Life

Tá BEO an-bhuíoch de Cois Life as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.