COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Mheán Fómhair
Íomhá
Favela le Alex Hijmans
Íomhá
Ar Muir is ar Sliabh le Dermot Somers
Íomhá
Tromluí le Áine Ghlinn

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an chomhlachta Cois Life (www.coislife.ie) chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén bhliain ar bunaíodh an comhlacht COIS LIFE?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 23 Meán Fómhair 2009 agus bíodh na focailComórtas mhí MF’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

DuaiseannaBeidh triúr buaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais ceann de na leabhair seo:

Ar Muir is ar Sliabh le Dermot Somers Tromluí le hÁine Ghlinn Favela le Alex Hijmans

FavelaAlex HijmansFoilsithe: Máirt 6 Deireadh Fómhair 2009Praghas: €18Cónaíonn Alex Hijmans (Foinse, Nuacht TG4/RTÉ) i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfraiceach a tugadh mar sclábhaithe chun na Brasaíle ag streachailt leis an saol go laethúil, Alex ag iarraidh teacht ar rún mhuintir na háite: conas a éiríonn leo saol sona a chaitheamh in áit atá beo bocht? Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk, san Ísiltír, i 1975. Bhog go Gaillimh i 1995 chun Gaeilge a fhoghlaim mar chuid chéim sa Léann Ceilteach ag Ollscoil Utrecht na hÍsiltíre. D’oibrigh Alex le Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4 ar feadh deich mbliana. Léiríodh a dhráma Aingilín i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh in 2002. Ag deireadh na bliana 2007, thug Alex aghaidh ar Mheiriceá Theas, áit ar chaith leathbhliain ina chónaí i mbruachbhaile bocht - favela - ar imeall Salvador, an tríú cathair is sa Bhrasaíl. cónaí ar Alex agus a fhear céile Nilton i Salvador.

Ar Muir is ar SliabhISBN 978 1 901176 97 1€12

Úrscéal eachtraíochta nua ag Dermot Somers ó Cois LifeAr Muir is ar Sliabh atá ar an úrscéal nua seo ó pheann Dermot Somers, sléibhteoir agus údar aitheanta. úsáid bainte ag Somers as na scileanna agus na taithí uilig atá aige mar shléibhteoir agus mar údar le húrscéal inchreidte, spleodrach, sainiúil a chruthú. Cuirfidh daoine óga go háirithe an-suim sa leabhar seo, ach chuirfeadh aon duine a mbeadh spéis acu in eachtraíocht agus i spórt eachtraíochta spéis ann chomh maith céanna. Ar Muir is ar Sliabh ar fáil anois sna siopaí leabhair agus ar www.coislife.ie Is as Ros Comáin ó dhúchas do Dermot Somers ach cónaí air i nDroichead Átha anois. Bhí ar an gcéad Éireannach a rinne éadan thuaidh na nAlp a dhreapadh. leabhair foilsithe aige i mBéarla agus i nGaeilge. Bhuaigh a leabhar Rince ar na Ballaí faoina thaithí sléibhteoireachta duais Oireachtais (http://www.antoireachtas.ie/staging_007/index.php?lang=gaeilge), agus bhain ionad ar ghearrliosta Gradam Réics Carlo 2007 lena úrscéal Buaic. sraitheanna teilifíse déanta aige do TG4 agus do RTÉ.

TromluíISBN 978 1 901176 95 6€10

Úrscéal nua do dhéagóirí ó Cois Life

Is é Tromluí le hÁine Ghlinn an t-úrscéal is déanaí ón gcomhlacht foilsitheoireachta Cois Life. Dúisíonn fear óg i mbothán sléibhe i gcoill. Níl fhios aige cén t-ainm atá air bhfuil cén fáth go bhfuil ann. créacht ar a éadan agus scian ar an urlár. Éiríonn leis a bhealach a dhéanamh chomh fada le baile beag atá in aice láimhe agus feiceann páipéar nuachta ansin a thugann le fios a ainm agus an cor atá curtha ina leith, más fíor. Cén fhírinne atá sa scéal sin? Céard atá tarlaithe ? an cailín taobh thiar de na cuirtíní atá ag breathnú amach air, agus a thagann i gcabhair ansin air? mórán de fhreagraí atá ag Eoghan Ó Broin ar na ceisteanna seo. Úrscéal spéisiúil spleodrach le hÁine Ghlinn atá anseo. luas faoin insint a choinníonn aird an léitheora ó thús deireadh, agus úire san insint agus sa chur chuige a thaitneoidh go mór leis na daoine óga a bhfuil an leabhar seo dírithe orthu. Tromluí ar fáil i siopaí leabhar ar fud na tíre agus ó www.coislife.ie Is údar do dhaoine óga agus file í Áine Ghlinn. As Tiobraid Árainn ó dhúchas di, ach cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath anois. duaiseanna go leor bainte aici saothar, orthu sin ainmniúchán ar an ngearrliosta do dhuais Bisto i mbliana don leabhar filíochta do pháistí Brionglóidí. sealanna caite aici ag obair mar iriseoir do sheirbhísí éagsúla raidió RTÉ, agus roinnt oibre déanta aici mar scríbhneoir scripte do Ros na Rún ar TG4. Le tamall anuas a cuid oibre dírithe go hiomlán ar an scríbhneoireacht.

Cuireann COIS LIFE saothair liteartha agus taighde ar fáil i nGaeilge. Foilsítear leabhair Ghaeilge d’fhoghlaimeoirí, do dhaoine óga, drámaí léirithe, ficsean agus filíocht. Foilsítear monagraif acadúla freisin, sa tsraith Lúb ar Phár. Tuilleadh eolais: eolas@coislife.ie

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.