COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Mhárta
Íomhá
Cré na Cille

Tabhair cuairt ar shuíomh http://www.rosg.ie/en/news/Cr_na_Cille_7 chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén bhliain (Mí na Nollaig) inar léiríodh Cré na Cille ar an ardán don chéad uair riamh i nGaillimh?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21 Márta 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí an Mhárta’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

Cré na Cille

Stiúrthóir: Robert Quinn

Léiritheoir: Ciarán Ó Cofaigh

Tá an scannán lánfhada Gaeilge Cré na Cille, leagan d’úrscéal iomráiteach Mháirtín Uí Chadhain, ar fáil ar DVD. Tá an DVD ar fáil le rogha fotheidealú i nGaeilge, Béarla, Fraincís, Spáinnis, Gearmanaís agus sa tSínis, nó as féin gan aon fhotheideal, agus insíonn sé scéal faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile. Seo coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de go fiú san athshaol féin.

Tá Beo.ie an-bhuíoch de Rosg as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.