COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Lúnasa
Íomhá
Báidín Fheidhlimí

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Siopa Gael Linn

An Cheist

An dtugtar focail na n-amhrán go léir sa leabhrán a ghabhann leis an díolaim seo, ‘Báidín Fheidhlimí’?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Lúnasa 2013 agus bíodh na focailComórtas Mhí Lúnasa’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip den DDBáidín Fheidhlimí’.

Bailiúchán atá anseo de cheirníní singil a d’eisigh Gael Linn idir 1968 agus 1980. Cloistear cuid de na hoirfidigh óga a bhain cáil amach níos déanaí- Dónal Lunny, Paul Brady, Clannad, muintir Dhomhnaill. Amhráin nuascríofa agus leaganach nua de roinnt seanamhrán atá anseo. Chuaigh na ceirníní i bhfeidhm go mór ar phobal na linne. Go deimhin, bhainBaidín Fheidhlimí’ agusAn Poc ar Buile’ áiteanna amach sna cairteanna.

Tagann ar rudaí suimiúla anseo- gurbh é Roger Whitaker a scríobh an ceol don amhránCóilín’, go raibh Neil Jordan agus Niall Stokes ag tionlacan arAn Damhán Alla’ agusAn Cailín Álainn’, go raibh Niall Tóibín agus Jim Doherty ag plé le hamhráin Ghaeilge. Suzanne Murphy, a bhí ina ball de WE 4, is réalta anois í le Welsh National Opera.

Spreagfaidh an díolaim seo cuimhní go leor den tréimhse ina raibh rabhcáin i mbarr a réime sna tithe tábhairne agus i gclubanna na tíre. B’iad Emmet Spiceland an chéadboyband’ Éireannach lena gcultacha faiseanta agus stíl ghruaige. Chuir Skara Brae go mór leis an amhránaíocht as Gaeilge lena gcomhcheol binn. Maireann a lán de na hamhráin seo, ar nósGleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’ a scríobh Proinsias Ó Maonaigh agus a cheol The Johnstons.

Cnuasach speisialta é seo a thugann le chéile grúpaí agus stíleanna ceoil atá lán le beocht agus sofaisticiúlacht a linne.

Seasann caighdeán an cheoil go fóill. Bain sult as!

GAEL LINN BEO an-bhuíoch de GAEL LINN as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.