COMÓRTAIS
Comórtas mhí Iúil
Íomhá

Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin Cois Life (www.coislife.ie) chun freagra na ceiste seo a fháil: Cá bhfuil an comhlacht Cois Life lonnaithe?Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Iúil 2008. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí Iúil’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile, le do thoil.

Duais

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad beirt an duais seo:

Iriseoirí pinn na Gaeilge - An cholúnaíocht liteartha: critic iriseoireachta* *le Regina Uí Chollatáin (Cois Life, 2008)

Forbhreathnú criticiúil, coincheapúil, iltoiseach ar phrós-iriseoireacht an fichiú haois atá sa leabhar seo. Cuirtear an cholúnaíocht i gcomhthéacs i dteoiric agus i scríbhinní an tsaothair. Ríomhtar na téiseanna critice, na saothair éagsúla litríochta agus léirmheastóireachta ó údair aitheanta an fichiú haois; an téarmaíocht agus an eagarthóireacht a shaibhríonn a leithéid de staidéar, mar aon le meon sochtheangeolaíoch agus fealsúnacht na dtréimhsí inar scríobhadh iad.

Beo! an-bhuíoch de Cois Life as na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.