COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Iúil
Íomhá
Nasc na Fola

Tabhair cuairt ar an tsuíomh idirlín Vicipéid chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén áit a bhfuil Tomás Mac Síomóin ina chónaí?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Iúil 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Iúil’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An duais

‘Nasc na Fola, Eachtraí na nDálach i bPórtó Ríce’

Nuair a sheolann na déagóirí Séamas agus Tomás Ó Dálaigh as Gaillimh chun na Spáinne le héalú ó dhaorsmacht na nGall in Éirinn san 18ú céad, is beag a shíleann siad go bhfuil sé i ndán dóibh lorg drámatúil a fhágáil ar stair oileán i bhfad i gcéin, Pórtó Ríce. Ach is amhlaidh a tharlaíonn.

Sa scéal fírinneach seo, Nasc na Fola, tá cur síos ar a gcuid eachtraí sa Spáinn agus i bPórtó Ríce agus ar an tslí ar chuir na deartháireacha agus deoraithe Gaelacha eile le cosaint is le rathúnas Phórtó Ríce, a dtír nua.

An Gúm

Beo an-bhuíoch den Ghúm as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.