COMÓRTAIS
Comórtas mhí Feabhra Beo!

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) chun freagra na ceiste seo a fháil:

Cén teideal atá ar an chnuasach nua gearrscéalta atá díreach foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie faoi 27 Feabhra. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí Feabhra’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí ann agus gheobhaidh siad ceann de na duaiseanna seo:

Cóip de bhailiúchán nua Chathail Uí Shearcaigh, Gúrú i gClúidíní (Cló Iar-Chonnachta)

Cóip de dhlúthdhiosca Sheachtain na Gaeilge, Ceol ‘07, a eiseofar go luath, agus a mbeidh réimhse leathan ceoltóirí le cloisteáil air ag canadh as Gaeilge - Bell X1, The Corrs, Damien Dempsey agus Jack L, ina measc.

Beo! an-bhuíoch de Cló Iar-Chonnachta (www.cic.ie) agus de Sheachtain na Gaeilge (www.snag.ie) as ucht na duaiseanna a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.