COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Feabhra
Íomhá
An DVD, Lón sa Spéir

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo: Cló Iar-Chonnacht

An Cheist

Cén bhliain inar bunaíodh an comhlacht Cló Iar-Chonnacht?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Feabhra 2014 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Feabhra’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

DVD ó CHLÓ IAR-CHONNACHT: Lón sa Spéir / Men at Lunch Scannán ar cheann de na grianghraif is aitheanta riamh. Pictiúir a tarraingíodh i Nua-Eabhrac i 1932. Aon fhear déag oibre suite go sócúil ag ithe a lóin ar ghiarsa atá crochta 69 urlár os cionn na sráide, ar an Rockefeller Building.

Thuill an pictiúir cáil mhór agus is iomaí brí siombalach bainte as ag fealsúna agus ag lucht ceardchumainn. Ach do mhuintir na Seaneaglaise, i ndeisceart na Gaillimhe, tá fáth eile lena thabhairt chun suntais. Creideann siad go bhfuil beirt dá muintir féin sa bpictiúir i New York City, 1932.

SCANNÁN LE SEÁN Ó CUALÁIN
REACAIREACHT FIONNULA FLANAGAN
MAOINITHE AG TG4, BORD SCANNÁN NA hÉIREANN & ÚDARÁS CRAOLACHÁIN NA hÉIREANN
LÉIRITHEOIRÍ FEIDHMIÚCHÁIN MÍCHEÁL Ó MEALLAIGH TG4 & ALAN MAHER BSÉ
EAGARTHÓIR DÁITHÍ CONNAUGHTON
SCRIOPTA NIALL MURPHY
STIÚRTHÓIR FÓTAGRAFAÍOCHTA RÉAMONN MAC DONNACHA
CUMADÓIR CEOIL MIKE Mc GOLDRICK
EAGARTHÓIREACHT BREISE JOHN MURPHY
MEASCADH FUAIME KILLIAN FITZGERALD
GRÁDÚ JOHN TALBOT
LÉIRITHEOIR EAMONN Ó CUALÁIN

52 NOIMÉAD SA LEAGAN GAEILGE

Cló Iar-Chonnacht

Tá BEO an-bhuíoch den Cló Iar-Chonnacht as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.