COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Feabhra
Íomhá
Hóng
Íomhá
Bróga Johnny Thomáis

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Cló Iar-Chonnacht

An Cheist

Cé mhéad pacáiste leabhar atá Cló Iar-Chonnacht ag tabhairt amach sa sladmhargadh ar phraghas speisialta €200?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Feabhra 2013 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Feabhra’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip de na leabhair ‘Hóng’ agus ‘Bróga Johnny Thomáis’.

Hóng

Úrscéal mistéire agus eachtraíochta do léitheoirí in aois 10–14 Is cluiche iontach é Hóng, a imríonn Evan ar a ríomhaire an t-am ar fad. Ach tá imreoir eile, Yin, ag impí air cabhrú léi. Cé hí Yin agus cén fáth go bhfuil eagla uirthi – ní istigh sa chluiche, ach sa saol mór? Conas a chuirfidh Evan, a chara, Rio, agus a dheirfiúr, Síofra, stop le gnó salach in Éirinn agus sa tSín? Beidh léitheoirí óga ag casadh na leathanach ó thús go deireadh.

Bróga Johnny Thomáis

Cnuasach gearrscéalta ó pheann Jackie Mhic Dhonncha Is fada muid ag fanacht le cnuasach gearrscéalta ó Jackie Mac Donncha. Fuair muid leide anseo agus blúire ansiúd go raibh cumas thar an ngnách i bhfear Chill Chiaráin, agus anois go bhfuil sé ar an bhfód caithfear a admháil gurbh fhiú fanacht. Tá scéalta anseo a phléann an domhan ina maireann muid: grá agus briseadh croí, dul in aois, saothrú an tsaoil – téamaí uilíocha an tsaoil curtha inár láthair go liriciúil, tuisceanach, íogair. Agus ansin tá na scéalta eile ann: an greann dubh, an t-osréalachas, na scéalta ón mBíobla curtha as a riocht le teann spraoi, an t-imeartas gleoite focal. Iad uilig curtha inár láthair go paiteanta i nGaeilge shuaithinseach an Iarthair. Bronnadh an chéad duais i gComórtas Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2012 ar an saothar seo.

Cló Iar-Chonnacht

Tá BEO an-bhuíoch de Cló Iar-Chonnacht as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.