COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Eanáir
Íomhá
Eileanór Eilifint
Íomhá
Frog sa Spéir

Comórtas Mhí Eanáir

An Cheist: Cén áit sa Spáinn a bhfuil an foilsitheoir Gemser lonnaithe?

An Nod: Tá an freagra le fáil ar shuíomh www.futafata.com, ach an scéala a chuardach ann.

An Freagra: Seol an freagra ceart, faoin teideal ‘Comórtas na Míosa, Mí Eanáir’, ar an ríomhphost chuig an seoladh seo: oifig@beo.ie An Duais: An chéad bheirt a fhreagróidh an cheist i gceart, gheobhaidh siad leabhar agus DD a d’fhoilsigth Futa Fata:

1.

Eileanór an Eilifint Éagsúilleabhar agus CD le Eric Drachman, maisithe ag James Muscarello,leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin

Tá Eileanór an eilifint bheag ag iarraidh ceol a dhéanamh lena trunc, cosúil leis na heilifintí eile ar fad. Ach níl aici ach glór beag lag. Agus anuas air sin, tá easóg chrosta ag troid léi! An éireoidh léi a glór féin a fháil agus ceol breá láidir a dhéanamh?

Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir Gugalaí Gug! a rinne an leagan Gaeilge den chlosleabhar álainn seo. In éineacht leis ar an CD tá ceathrar aisteoir as Conamara – Caitlín Ní Chualáin (láithreoir le RTÉ Raidio na Gaeltachta a chualathas cheana ar Gugalaí Gug!) agus triúr aisteoirí óga – Aoife Ní Nualláin Ní Thuathail (12), Caoimhe Ní Choisdealbha (10) agus Oisín Ó Fátharta (8).

ISBN: 978 – 0-9550983-3-834 lth, lándaite, 310 x 240mm, clúdach crua agus forchlúdach.Aoisghrúpa: 3 - 7Dáta foilsithe: 9.06.2008

Luach: €13.95 (CBL san áireamh)

2.

Frog sa Spéirleabhar agus CD le Eric Drachman, maisithe ag James Muscarello,leagan Gaeilge le Tadhg Mac Dhonnagáin

Is frog speisialta é Frainc. Níl sé sásta a bheith ag snámh. Ag iarraidh eitilt atá sé! Deir Mamaí agus Daidí leis nach bhfuil frog ar bith in ann eitilt – ach meas tú an gcuirfidh sé sin stop leis?

Tadhg Mac Dhonnagáin, scríbhneoir Gugalaí Gug! a rinne an leagan Gaeilge den chlosleabhar álainn seo. In éineacht leis ar an CD, tá beirt aisteoir as Conamara – Caitlín Ní Chualáin (láithreoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a chualathas cheana ar Gugalaí Gug!) agus Oisín Ó Fátharta (8), i bpáirt Frainc, an frog a bhí ag iarraidh eitilt.

ISBN: 978 – 0-9550983-4-534 lth, lándaite, 310 x 240mm, clúdach crua agus forchlúdach.Aoisghrúpa: 3 - 7Dáta foilsithe: 9.06.2008

Luach: €13.95 (CBL san áireamh)

Tuilleadh eolais: Tadhg Mac Dhonnagáin @ 091-504612/087-9037779

Futa Fata,An Spidéal,Co. na Gaillimhe.www.futafata.com

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.