COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Eanáir
Íomhá
Báidín Fheidhlimidh
Íomhá
Go dtí an lá bán

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Eabhloid

An Cheist

Cén bhliain inar rugadh Néilidh Mulligan?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Eanáir 2013 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Eanáir’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip de na leabhair ‘Go dtí an lá bán’ agus ‘Báidín Fheidhlimidh’.

Go dtí an lá bán; an focal labhartha:

Leabhar agus dlúthdhioscaí den fhocal labhartha seolta go hoifigiúil ag Antain Mac Lochlainn ag Oireachtas na Gaeilge 2012.

Gearrscéalta le Máire Dinny Wren, Máirín Uí Fhearraigh, Brighid Ní Mhonacháin agus Síle Uí Ghallchóir, anois ar fáil mar leabhar éisteachta, leis na scéalta á léamh ag léitheoirí ó Ghaeltacht Dhún na nGall.

Éabhlóid i gcomhair le Ciorcal Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair.

Báidín Fheidhlimidh:

Amhráin agus dánta traidisiúnta do pháistí. Amhráin agus dánta ceolta agus aithriste ag páistí ó Ghaeltacht Thír Chonaill. Cóiriúcháin cheoil déanta ag Doimnic Mac Giolla Bhríde le 58 páiste ó 12 scoil Chonallach. Tionscnamh de chuid Ionad Oideachais Ghort an Choirce. Foilsithe ag Éabhlóid. (http://www.eabhloid.com/blog/)

Tá BEO an-bhuíoch d’Éabhlóid as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.