COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Eanáir
Íomhá
Adrian & Bábógbaby

Tabhair cuairt ar an nas seo Bábógbaby chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén bhliain ar cheap Adrian Bábógbaby?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Eanáir 2012 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Eanáir’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Bábógbaby

Is é Bábógbaby an chéad bhréagán ar domhan a labhraíonn Gaeilge. Is uirlis idirghníomhaíoch í a chabhraíonn leatsa agus le do pháiste caidreamh a dhéanamh le Bábógbaby, an teidí a labhraíonn Gaeilge. Tá 33 focal ag Bábógbaby le múineadh do do pháiste – uimhreacha, dathanna agus cruthanna.

Tá BEO an-bhuíoch de Bábógbaby as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.