COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Eanáir
Íomhá
Aileach.jpg Aileach
Íomhá
Iad Seo nach bhFaca

Tabhair cuairt ar shuíomh Chló Iar-Chonnacht agus chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Ainmnigh an dá leabhar a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht leis an údar Jeaicí Mac Donncha

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21 Eanáir 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí Eanáir’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais ceann de na leabhair seo:

Aileach le Jeaicí Mac Donncha

I dtríochaidí an chéid seo caite, cuirtear cailín óg anonn go Meiriceá. Gníomh comhcheilge idir a hathair, a máthair agus an sagart paróiste, in aghaidh a tola, as í a bheith ag súil le páiste agus gan í a bheith pósta. Tugann an t-úrscéal seo léargas grinn, atruach ar shaol na hÉireann ag an am, agus insíonn scéal na mná óige seo.
Tagairt ISBN 978-1-905560-60-8

Iad Siúd nach bhFaca le Beairtle Ó Conaire

An Ghaeltacht sa lá atá inniu ann, más ea, agus tá Aibhistín ag obair go sona sásta, má tá, don Roinn Fíoruisce agus Drochthailte. Lena hais sin, tá a chomrádaí scoile Cuimín, nár fhág an baile ná an fheilm ariamh, agus nach mórán fáilte atá aige roimh na hathruithe atá ag titim amach thart timpeall air. Úrscéal domhain, machnamhach é seo ina bpléitear na nithe is mó is cás do mhuintir na Gaeltachta san aonú aois is fiche: an Ghaeltacht á tarraingt isteach sa nua-aois, toil na ndaoine nó a héagmais, an t-athrú teanga, agus tréigean an chreidimh agus na heaglaise. Agus, ar ndóigh, an cheist mhór a eascraíonn as seo uilig: céard a thiocfas ina n-áit? Tagairt ISBN 978-905560-53-0

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.