COMÓRTAIS
Comórtas mhí Dheireadh Fómhair
Íomhá
Albert Fry

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Gael Linn chun freagra na ceiste seo a fháil:Cá bhfuil ceannáras Gael Linn lonnaithe?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Deireadh Fómhair 2008. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí Dheireadh Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile, le do thoil.

Duais

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad beirt an duais seo:

Cóip den albam *Tráthnóna Beag Aréir *le Albert Fry (Gael Linn). Glór mealltach Albert Fry le cloisteáil anseo arís den chead uair le fada. Bhí cáil forleathan ar Albert mar amhránaí, go háirithe sna seachtóidí. Lena stíl dheas shéimh, thug sé amhráin Rann na Feirste agus Chúige Uladh os comhair an tsaoil mhóir. Bain sult as na leaganacha fíor-áille atá aige de Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte, Aird Tí Chuain agus ar ndóigh, Tráthnóna Beag Aréir, teideal an albaim nua seo.

Cnuasach atá anseo a chlúdaíonn amhráin ó cheirníní a rinne Albert do Gael Linn idir 1968 agus 1979. Tionlacan giotáir leis féin atá aige den chuid is mó ach tá oirfidigh eile ag seinm leis ar roinnt de na traicéanna, Dónal Lunney, Frankie Kennedy agus Mairéad Ní Mhaonaigh, cuir i gcás.

22 traic iomráiteacha atá ar an albam, ina measc:

· Dúlamán na Beinne Buí

· Fáth mo Bhuartha

· Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna

· Tráthnóna Beag Aréir

· Ard Tí Chuain

· An Cailín Gaelach

· Mheall sí lena glórthaí mé

Beo! an-bhuíoch de Gael Linn as ucht an duais seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.