COMÓRTAIS
Comórtas mhí an Mheithimh

Tabhair cuairt ar an suíomh gréasáin www.cic.ie chun freagra na ceiste seo a fháil: Cathain a bunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta Cló Iar-Chonnachta?Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 29 Meitheamh 2008. Bíodh na focail ‘Comórtas mhí an Mheithimh’ mar theideal ar do theachtaireacht agus tabhair do sheoladh baile, le do thoil.

DuaiseannaBeidh beirt bhuaiteoirí ann agus gheobhaidh siad beirt na duaiseanna seo:

Díbirt Dé, úrscéal nua le Pádraig Standún. Tá an tAthair Séamas Ó Conacháin go mór faoi bhrú. Tá seanchara leis, an tAthair Micheál Ó Ruairc, saor i ndiaidh téarma príosúntachta a gearradh air de bharr éigniú gasúir, agus tá ordú tagtha ón Easpag go bhfuil sé le fanacht le Séamas i dteach an tsagairt. Is deacair do Shéamas a dhímheas ar a sheanchara a cheilt, ach ar mhaithe leis féin sin a chaithfidh sé a dhéanamh, mar má sceitear an rún beidh deireadh leis. Ní mó ná sásta atá Ó Ruairc faoin socrú seo ach oiread agus fios maith aige nach fáilte atá roimhe, ach níl an dara rogha aige. Is beag a shíleann muintir an pharóiste go bhfuil a leithéid ina chónaí ina measc, agus go deimhin is é an rud is mó atá ag déanamh imní do Mharcas Mac Cába, Caitliceach diaganta dílis, an easpa measa ag meáin na tíre ar an Eaglais.Tá an chuma ar Bill agus Sharon de Brún go bhfuil siad sásta go maith le chéile agus iad ag tógáil a mic, Liam, ach ní mar a síltear a bítear agus tá Bill i mbun caidrimh le hAoife, bean chéile Adam, cara leis. Ar éigean is féidir leis an mbeirt acu srian a choinneáil orthu féin agus iad beag beann ar dhiscréid a thuilleadh. An iliomad rún - an iliomad ag brath orthu.

*The Home Ruler, *albam nua de chuid an fhlúiteadóra chlúitigh Catherine McEvoy. Tá cáil ar McEvoy mar dhuine de na ceoltóirí is fearr ar an bhfeadóg mhór atá ag seinm i stíl Ros Comáin - Shligigh. Sa réamhrá don albam, tugann an fidléir clúiteach Séamus Connolly suntas don luas deas réidh atá faoin gceol seo, rud a chuireann i gcuimhne dó ré ina raibh níos mó grástúlachta agus níos lú deifre le sonrú sa cheol traidisiúnta. Molann sé brí, anamúlacht agus sainiúlacht an cheoil, tréithe a chuireann máistreacht an cheoltóra in iúl dúinn, dar leis. Tá éagsúlacht dheas sna foinn atá le cloisteáil ar an albam, iad seinnte ar fheadóga móra i ngléasanna D, Eb agus C. Ceoltóirí den scoth atá i mbun tionlacain - Paddy McEvoy (nia le Catherine), Felix Dolan, Geraldine Cotter, Steve Cooney agus Joe Kennedy.

Beo! an-bhuíoch de Cló Iar-Chonnachta as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.