COMÓRTAIS
Comórtas Mhí an Mheithimh
Íomhá
Seas an Fód, an Cósta Eabhair
Íomhá
Seán Ó Corráin, fiontraí óg na mbróg

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo: BrógShoes

An Cheist

Cén líon tíortha atá i gceist ag earraí BRÓG do na haosaigh?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Meitheamh 2014 agus bíodh na focailComórtas Mhí an Mheithimhmar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Péire bróg de chuid BRÓG.

fiontraí áitiúil ag súil le cúis chéiliúrtha le teacht an Chorn Domhanda sa Bhrasaíl an samhradh seo, agus é ag seoladh feathal úr Bróg.

líne dhaite de bhróga agus t-léinte don samhradh á thairg ag Seán Ó Corráin i stíl bhratacha na náisiúin a bheas páirteach sa chomórtas sacair a thiteann amach gach ceithre bhliain. Le bróga á ndíol ar chostas £29.99 d’aosaigh agus £24.99 do pháistí, ar fail ar líne ag www.brogshoes.com, i siopaí sealadacha in ionaid siopadóireachta, agus ó mhiondhíoltóirí mhóra is é an fiontar faiseanta seo na chéad choischéimeanna i ngnó don Fheirsteach. Ag labhairt ar an fhiontar úr, deir an tacadóir sacair Seán gur:

Cuireadh an síol lá samhraidh amháin agus mé ag díol bróg ar Thrá Bondi san Astráil. Bíonn an-rachairt ar earraí chuimhneacháin le linn an Chorn Domhanda ach is beag earra a fhreastalaíonn ar fhaisean.

De ghnáth titeann an comórtas amach le linn an tsamhraidh agus tuigimid go gcaitheann tacadóirí sacair a gcuid tacaíochta taobh thiar de thír amháin fiú nuair nach n-éiríonn lena náisiúin féin áit a bhaint amach sna babhtaí ceannais. Is uaidh sin a d’aithin muid go raibh bearna sa mhargadh do Bróg.”

Tá na bróga éadroma, de dhéantús anairte, foirfe don té ar laetha saoire a théann cois trá go cois bheair. Is stíl Airgintíneach é an alpagarta atá an-choitianta i measc an aosa óig fhaiseanta le tamall anuas. Ón total football stíl na hÍsiltíre, gorm, bán agus rouge réabhlóideach na Fraince go rince binn na Brasaíle is iad bróga Bróg na hoiriúintí is oiriúnaí dár lucht leanúna na #brogies an samhradh seo. Cé go measann Seán go dtógfaidh na Gearmanaigh an corn sa deireadh i mí Iúil, tá sé ag súil go mbeidh an bua ag an stíl Airgintíneach do Bróg i mbliana.

Tuilleadh eolais caith súil ar @brogshoes ar Twitter & ‘brogshoes’ ar Facebook.

BRÓG
Tá BEO an-bhuíoch de BrógShoes as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.