COMÓRTAIS
Comórtas Mhí an Mheithimh
Íomhá
An tSochtheangeolaíocht
Íomhá
Ar an Taifead

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Cois Life

An Cheist

scríobh an léirmheas Béarla san Irish Times 12/05/2012 ar an leabharAn tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Meitheamh 2012 agus bíodh na focailComórtas Mhí an Mheithimh’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip deAn tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc’ agus cóip deAr an Taifeadfís, fuaim, focal Eagrán 2012

An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc:

Clúdach bog, 312 lch., Praghas: €20, Foilsitheoir: Cois Life, ISBN: 9781907494253 Sraith alt cuimsitheach ó pheann 14 údar ar ghnéithe éagsúla den tsochtheangeolaíocht. Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo. Pléitear príomhghnéithe na sochtheangeolaíochta, agus suíomh na Gaeilge sa chomhthéacs idirnáisiúnta léinn sin.

Na hÚdair: Steve Coleman, Helena Ghearáin, Siobhán Laoire, Máire Neachtain, Brian Ó Catháin, Peadar Ó Flatharta, Conchúr Ó Giollagáin, Tadhg Ó hIfearnáin, Pádraig Ó Laighin, Muiris Ó Laoire, Máirtín Ó Murchú, Pádraig Ó Riagáin, John Walsh agus Iarfhlaith Watson. Curtha in eagar ag Tadhg Ó hIfearnáin agus Máire Neachtain.

Is léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh é Tadhg Ó hIfearnáin. an chuid is shaothar acadúil dírithe ar an tsochtheangeolaíocht, idir theangeolaíocht na sochaí agus shocheolaíocht na teanga.

Is léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh í Máire Neachtain. Sa tsochtheangeolaíocht is atá a cuid spéiseanna acadúla agus taighde déanta aici i réimse na sícitheangeolaíochta, sealbhú na Gaeilge mar chéad teanga go háirithe.

Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga. Foilsithe ag Cois Life, seo é an chéad saothar chineál i nGaeilge. oiriúnach do mhic léinn bunchéime agus iarchéime.

Orduithe: Cois Life , más siopa atá i gceist, tríd Áis ach glaoch a chur ar (01) 6616522 ríomhphost chuig ais@forasnagaeilge.ie. Breis eolais : Julianne ChonchobhairFÁILTE julianne@milefailte.ie 087 1746 189

Ar an Taifeadfís, fuaim, focal’ Eagrán 2012:

Bogchlúdach, 448 lch., Praghas: €20, Foilsitheoir: Cois Life, ISBN: 9781907494260 Eagrán nuachóirithe den treoirshaothar do na meáin chumarsáide Gaeilge ina gcuirtear forbairtí nua san earnáil, na meáin nua, plé ar chursaí eagarthóireachta agus gnéithe eile san áireamh. An nuacht, na meáin, gairm agus saothar an iriseora faoin spotsholas anseo. Teilifís, raidió agus na meáin chlóite, na príomhimreoirí agus a gcuid spriocanna. An reachtaíocht agus an comhthéacs eiticiúil ina bhfeidhmíonn siad. Rólanna gairmiúla agus tascanna oibre léirithe go beacht anseo agus treoir chuimsitheach tugtha ar earnáil na meán Gaeilge i 2012.

Iriseoir, léirmheastóir agus údar is ea Breandán Delap a rugadh i nGaoth Dobhair. Bhí ina chéad eagarthóir ar Foinse ó 1996 go 2003. Bronnadh GradamIriseoir na Bliana’ de chuid ESB air i 2003. Bronnadh Gradam IFTA ar a chlár faisnéise Mad Dog Coll in 2000 agus bhain príomhdhuais an Oireachtais ar iriseoireacht chlóite i 1998, agus arís i 2010. Is eagarthóir cláir é le Nuacht TG4 faoi láthair. Léirmheastóir drámaíochta freisin é ag The Irish Times in iarthar na hÉireann. cónaí air sa Spidéal.

Eagrán nuashonraithe den saothar bunaidh Ar an Taifead a mbaintear an-leas as ar chúrsaí oiliúna sna meáin chumarsáide Ghaeilge. Beidh tóir ag réimse leathan léitheoirí ar an saothar seo, agus go háirithe ag lucht staidéar na meán féin.

Orduithe: www.coislife.ie , más siopa atá i gceist, tríd Áis ach glaoch a chur ar (01) 6616522 ríomhphost chuig ais@forasnagaeilge.ie. Breis eolais : Julianne Chonchobhair julianne@milefailte.ie 0871746189

Cois Life

BEO an-bhuíoch de Chois Life agus de Fáilte as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.