COMÓRTAIS
Comórtas Mhí an Mheithimh
Íomhá
Bás in Éirinn

Tabhair cuairt ar shuíomh idirlín an tIontaobhas Ultach le freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén bhliain ar bunaíodh an tIontaobhas Ultach?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Meitheamh 2011 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí an Mheithimh’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An duais: ‘Bás in Éirinn’!

Tá na seacht scéal sa bhailiúchán seo ar chuid de na gearrscéalta is fóinte i litríocht na Nua-Ghaeilge. Orthu tá saothar le Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Séamus Ó Grianna, Seosamh Mac Grianna agus Daithí Ó Muirí.

téacs comhthreomhar Béarla ag dul le gach scéal a chuideoidh leis an léitheoir cleachtadh agus forbairt a dhéanamh ar a gcuid scileanna sa teanga gan a bheith ag síorthagairt don fhoclóir. Beidh an ghluais dhátheangach ag deireadh an leabhair ina cuidiú maidir le húsáid nó le leaganacha neamhchaighdeánacha focal.

Fóirfidh an bailiúchán seo don fhoghlaimeoir agus don té ar suim leis an litríocht agus ar mhaith leis cur lena thuiscint ar shaothar scríbhneoirí na Nua-Ghaeilge. Siúltar raon leathan mothúchán agus na húdair ag dul i ngleic leis an bhás, idir an duairceas, an cur síos lomnocht agus fiú amháin an greann.

Tá Beo.ie an-bhuíoch do Iontaobhas Ultach as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.