COMÓRTAIS
Comórtas Mhí an Mhárta
Íomhá
An Bealach Cóir

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo Comhar

An Cheist

Cé na heagráin den iris Comhar a bhfuil rochtain orthu faoi láthair le léamh saor in aisce ar shuíomh idirlín Comhar?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Márta 2013 agus bíodh na focail ‘Comórtas Mhí an Mhárta’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Cóip den leabhar ‘An Bealach Cóir’ le Pól Ó Muirí

An Bealach Cóir

Athfhoilsiú ar na leabhair ‘Paloma’, ‘Dlíthe an Nádúir’ agus ‘Croí na Ceiste’ faoi theideal nua atá ann. Leanann an tsraith saol Paloma Pettigrew agus í ag feidhmiú mar gharda i mbaile beag Gaeltachta. Fad is atá sí lonnaithe ann, tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh agus ar mhangaire drugaí, i measc slíomadóirí eile. Le cabhair óna cairde, an máistir scoile Ó Dónaill agus Marika, teifeach as an mBoisnia, is minic a bhíonn an lámh in uachtar ag Paloma orthu. Is i nGaeilge shimplí atá na scéalta scríofa le míniú ar fhocail agus ar nathanna deacra.

Tá BEO an-bhuíoch de CHOMHAR as ucht an duais seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.