COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Aibreáin
Íomhá
D'imigh sin agus Tháinig seo
Íomhá
Athfhianna - An Chéad Bheirt

Tabhair cuairt ar shuíomh Coisceim chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

  • Cén bhliain inar bunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 21ú Aibreán 2011 agus bíodh na focailComórtas Mhí Aibreáin’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

D’imigh sin agus Tháinig seo le Séamas Mac Seáin

Scéal stairiúil. Dírbheathaisnéis ar shaol agus ar shaothar duine de laochra na Gaeilge i mBéal Feirste. Gan é, ní mórán a bheadh curtha i gcrích.

Tá Séamas Mac Seáin aitheanta mar dhuine de Ghaeilgeoirí dílse Bhéal Feirste agus an t-aitheantas sin tuillte aige. Bhí sé ina cheannródaí ar an iliomad gníomhaíochtaí a tharla i bpobal na Gaeilge sa chathair agus is é a bhí mar mheantóir ag go leor eile a thionscnaigh tograí eile. Tá a scéal scríofa aige anois agus is saothar é pléisiúrtha le léamh. Ó thús go deireadh, tugtar thú isteach i mBéal Feirste na haoise sin ina raibh Séamus ag fás aníos mar stócach óg i gcuideachta agus i gcomhluadar a dhearthár Seán agus a mhuintire uilig.

Athfhianna - An Chéad Bheirt le Cóilín Ó Corrbuí

Mhair na Fianna na mílte bliain ó shin. Bhí teicneolaíocht ársa acu, bunaithe ar an bhitheolaíocht. Ó shin i leith, tá siad ar geimhriú. Ach in amanna éagsúla filleann Fionn Mac Cumhaill ag féachaint an bhfuil sé tráthúil do na Fianna teacht ar ais. Tá ceann de na hamanna sin buailte linn. Tá beirt déagóirí, Déaglán agus Ciara ag iarraidh plé leis an saol agus lena gcuid múinteoirí nuair a thosaíonn na heachtraí. Roghnaíonn Fionn Déaglán agus Ciara chun cabhrú leis. Tá eolas faoi shaol an lae inniu de dhíth air le cinneadh a dhéanamh. Agus tá billiúnaí ola, ‘An Dochtúir Craosag santú Teicneolaíocht na bhFiann.

Urscéal, Gearrscéal do dhéagóirí atá fíorthaitneamhach.

Tá Beo.ie an-bhuíoch de Coisceim as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.