COMÓRTAIS
Comórtas Mhí Aibreáin
Íomhá
Mistéir an Tobair
Íomhá
Na Laochra is

Tabhair cuairt ar an nasc idirlín seo An Gum:

An Cheist

mhéad leabhar atá foilsithe ag an nGúm ó bunaíodh é?

Seol do fhreagra chuig oifig@beo.ie roimh an 20 Aibreán 2012 agus bíodh na focailComórtas Mhí Aibreáin’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht le do thoil.

An Duais

Ceann de na leabhair seo a leanas

Mistéir an TobairDiane Lavery

Oisín ar a laethanta saoire ón scoil agus is breá leis dul amach ar fán sna sléibhte agus sna gleannta mórthimpeall. Tagann ar sheanléarscáil a mhúsclaíonn an fhiosracht ann. Ansin castar duine diamhrach, Mánas Mór, air agus leagann seisean cúram tromchúiseach ar Oisín. Is gairid go raibh sáite in eachtraí scáfara agus é ar a mhíle dícheall na Clocha agus an Chailís a aimsiú sula mbeidh ródhéanach . . .

Scéal bleachtaireachta é seo a bhfuil an draíocht agus an ósnádúrthacht ag rith tríd, scéal a bhfuil teannas agus líonrith ann go dtí an deireadh ar fad.

Na Laochra is - Laoise Chléirigh

Iascairí i mbaol, an Taibhse Dána ar ais i mbun díobhála. a thiocfaidh i gcabhair orthu? Leagann na Síog trí chion oibre scáfar ar Ruán agus Éadaoin. theipeann orthu in aon cheann acu beidh an tír uile faoi smacht na Taibhse arís. Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil. Scéal iontach eachtraíochta agus é inste go cumasach ag an údar. Tugann sárléaráidí Steve Simpson an t-iomlán chun beochta.

BEO an-bhuíoch de An Gúm as ucht na duaiseanna seo a chur ar fáil.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.