COMÓRTAIS
Comórtas Dheireadh Fómhair
Íomhá
Buille Marfach
Íomhá
Daoine a Itheann Daoine

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin chun freagra na ceiste seo a aimsiú:

Cén t-achar blianta é ó cuireadh an comhlacht Cló Iar-Chonnachta ar bun i dtosach?

Seol do fhreagra chuig alt@beo.ie roimh an 25 Deireadh Fómhair 2010 agus bíodh na focail ‘Comórtas Dheireadh Fómhair’ mar theideal ar do theachtaireacht. Tabhair do sheoladh baile sa teachtaireacht, le do thoil.

Duaiseanna

Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar:

‘Dúnmharú agus misir’ le Anna Heussaff

Nó:

‘Daoine a Itheann Daoine’ le Mícheál Ó Ruairc

‘Dúnmharú agus mistéir’ - úrscéal nua ó údar móréilimh

Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche. Ar leithinis aoibhinn Bhéarra tá Aoife Nic Dhiarmada agus a grúpa cuairteoirí trí na chéile. An tráthnóna dár gcionn, ionsaí as an nua; ansin faightear an corpán. Sceon, fuadar agus fiosrú dúnmharaithe.

Téann Aoife agus an Garda Réamonn Seoighe araon i mbaol beatha de réir mar dhruideann an tóir chun buaice.

Beidh an léitheoir i ngreim ag an scéal seo ó thús go deireadh.

Anna Heussaff

Ba é Bás Tobann an chéad leabhar ficsin a scríobh Anna Heussaff, úrscéal bleachtaireachta ar díoladh 2,000 cóip de ó foilsíodh é in 2004. Castar cuid de na carachtair chéanna orainn i Buille Marfach agus an scéal seo suite ar chósta iardheisceart na tíre freisin.

Moladh go mór an dá úrscéal eile léi freisin: Vortex, scéal eachtraíochta is fantaisíochta do dhéagóirí óga; agus Cúpla Focal, scéal grá nua-aimseartha d’fhoghlaimeoirí fásta agus do léitheoirí líofa araon. Bronnadh mórdhuais Oireachtais ar gach úrscéal go dtí seo. Sular thug sí faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, chaith Anna Heussaff tamall maith de bhlianta ag obair le raidió agus teilifís RTÉ, mar thaighdeoir agus mar léiritheoir/stiúrthóir ar chláir fhaisnéise. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath, áit ar tógadh le Gaeilge í.

‘Daoine a Itheann Daoine’ le Mícheál Ó Ruairc

Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil, áibheileach féin: canablacht agus ciníochas, gliúcaíocht agus fealsúnacht, dílseacht agus grá, feall agus éad, fir mná agus muca - lón machnaimh agus pléisiúir don té a thabharfaidh faoi. Bhain an cnuasach seo an chéad duais amach i gComórtais an Oireachtais do chnuasach gearrscéalta i 2009.

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.