AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Comóradh ar thubaiste nár tharla
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

bunadh Wentworth i New South Wales an-cheanúil ar tharracóirí Ferguson, agus tá cúis mhaith go bhfuil sé sin amhlaidh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.

Íomhá
An áit, in áit le Wentworth, a dtagann an Murray agus Darling le chéile
Íomhá
An leacht cuimhneacháin i Wentworth, a tógadh i 1959

Rinneadh comóradh i mbliana ar na tuilte a bhuail Wentworth, baile beag in iardheisceart New South Wales, leathchéad bliain ó shin i 1956. Mar a tharla, ní dhearnadh mórán dochair don bhaile ach ba ar éigean é. De bharr neart báistí, bhí drochthuilte sa Murray agus sa Darling, an dá abhainn is mó san Astráil. Tagann an dá abhainn sin le chéile in aice le Wentworth agus ba léir go mbeadh an baile i gcruachás nuair a thiocfadh na tuilte anuas chomh fada leo. Bhí amhras ar chuid mhaith daoine go bhféadfaí tada a dhéanamh leis na tuilte a sheachaint agus cheap siad gurbh fhearr imeacht go háit éicint eile go mbeadh an phráinn thart.

Ach bhí dream eile a dúirt go raibh seans acu an baile a shábháil dá mbeidís in ann fál cosanta a thógáil timpeall air a bheadh sách ard. Bhí a fhios acu ón áit a raibh na tuilte níos faide suas sna haibhneacha go raibh tamall acu sula dtiocfaidís chomh fada leo. Thug siad faoin obair le dúthracht. Chaith siad breis is seachtain ag obair de ló is d’oíche ag tógáil an fháil, a chuaigh thart timpeall an bhaile. Is ceantar mór talmhaíochta é ceantar Wentworth agus ba é an phríomhuirlis a bhí acu á thógáil ná tarracóirí de dhéanamh Ferguson a bhí coitianta go maith sa gceantar. Mar go raibh siad beag agus éadrom, bhí siad breá feiliúnach le haghaidh na hoibre. Bhí timpeall is dhá scór de na Fergusons páirteach san obair.

Críochnaíodh an obair in am ach ní raibh na daoine cinnte an raibh dóthain déanta acu leis an mbaile a shábháil. Mar a tharla, ní raibh ach cúpla orlach le spáráil ach ba leor sin. Tháinig Wentworth slán gan ach beagán dochair déanta. I 1959 tógadh leacht cuimhneacháin ar an mbaile agus ní raibh ar a bharr ach dealbh de cheann de na Fergusons. Is é an t-aon dealbh de tharracóir san Astráil agus b’fhéidir ar domhan.

Ba in aice le Hillsborough i gContae an Dúin a rugadh Harry Ferguson, an fear a bhunaigh an comhlacht a rinne na tarracóirí. B’fhear ildánach é Ferguson – meicneoir, innealtóir, eitleoir agus fear gnó. Ba é an chéad duine a rinne eitilt in Éirinn i 1909, in eitleán a thóg sé féin tar éis dó suim a chur sa méid a bhí ar siúl ag Louis Bleriot, a rinne eitilt ón bhFrainc go Sasana i 1908. Tá an t-ainm Ferguson fós againn sa gcomhlacht Massey-Ferguson.

I mbliana, tugadh cuireadh do chuile dhuine a raibh Ferguson aige é féin agus an tarracóir a thabhairt go Wentworth, áit a raibh paráid le bheith acu tríd an mbaile mór. Cheap an lucht eagraithe go mb’fhéidir go mbeadh 100 de na tarracóirí i láthair. Cuireadh iontas orthu nuair a bhí breis is 300 acu ann, ina measc cuid de na cinn a bhí páirteach i 1956 agus iad fós ag oibriú.

Níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar an Ferguson i Wentworth.Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.