AR NA SAOLTA SEO
Comhoibriú nó coimhint?
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá súil ag Robert McMillen go mbeidh rialtas i gcumhacht a bheidh in ann feidhmiú i gceart, i ndiaidh an toghcháin do Thionól Thuaisceart Éireann ar an 7 Márta.

Íomhá
Foirgnimh an Rialtais, Stormont
Íomhá
Ceannaire an DUP, Ian Paisley
Íomhá
Martin McGuinness, Sinn Féin

I mí Dheireadh Fómhair 1972, d’fhoilsigh Rialtas na Breataine plépháipéar dar teideal The Future of Northern Ireland: A Paper for Discussion.B’ann a bhí moltaí, den chéad uair, go mbeadh roinnt na cumhachta i dteannta diminsin Éireannaigh mar eochair a d’fhuasclódh fadhb an tuaiscirt go deo. Ba é dearcadh an rialtais thall go gcaithfí comhdhearcadh níos leithne a chruthú má bhí rath le theacht ar na hiarrachtaí le rialtas logánta a athbhunú ó thuaidh.“Caithfidh Tionól nó Údarás Thuaisceart Éireann bheith in ann rannpháirtíocht dhearfach a chuid ball uilig a spreagadh, le hiad a shásamh go bhfuil ról le himirt acu féin agus ag na daoine a thugann tacaíocht dóibh i rialtas an Chúige (sic),” a dúradh ann. An bhfuil a dhath níos simplí, níos sothuigthean coincheap go gcaithfidh saoránaigh bheith dílis don stát ina bhfuil siad beo? Dá mhéad daoine atá dílis don stát, is amhlaidh is buaine a bheidh sé. Nuair a cuireadh feoil ar an choincheap sin i bhfoirm “Thionól Roinnt na Cumhachta” Eanáir 1974, chuaigh dílseoirí ar stailc agus thit na ballaí.“Doh!” mar a déarfadh Homer Simpson.Ón am a bhris coup d’état Stailc Oibrithe Uladh an feidhmeannas, bhí gné riachtanach eile curtha san áireamh – nárbh fhéidir le ceachtar den dá dhream baghcat a dhéanamh ar shocrú.

Rinneadh go leor iarrachtaí ó shin rialtas logánta a chur ar bun i Stormont agus bunphrionsabal roinnt na cumhachta mar dhúshraith aige.

Nach íorónta é gurb é Ian Paisley, an té a bheas mar Phríomh-Aire sa Tionól úr seo (má éiríonn leis), an fear ba mhó a scrios dóchas 1974. Ach sin ráite, b’fhéidir gurb é an teip a bhí i ndán i gcónaí dó. Sna blianta sin, trí pháirtí a bhí sa rialtas ó thuaidh: Aontachtaithe Uladh, an SDLP agus páirtí an Alliance. Ba bheag iomrá a bhí ar Shinn Fein, a rinneadh dleathach an bhliain chéanna sin, 1974, ach a raibh a chumhacht folaigh toghchánaíochta ina suan. Músclaíodh an chumhacht sin aimsir na stailceanna ocrais. A fhad is a bhí Paisley ina King Canute, bhog an tuile toghchánaíochta i dtreo Shinn Fein. Anois, tá tonnta ag slaparnach ar chosa an Oirmhinnigh agus ní thig leis ach glacadh leis. Bua

Ba é cleasclisteacht Chomhaontú Aoine an Chéasta é gur lig sé don dá thraidisiún creidbheáil go raibh an bua acu. Thug sin faill do Paisley – naoi mbliana ina dhiaidh sin – bheith ag maíomh gur bua a bheas ann má dhéantar Céad Aire dó, ainneoin go mbeidh Martin McGuinness taobh leis! I bhfírinne, níl ann ach gur mealladh isteach sa chró dornálaíochta é.

Tá an troid le toiseacht i ndiaidh an toghcháin agus athbhunú an Tionóil ar an 26 Marta – má bhaineann muid an spriocdháta áirithe sin amach.Nil duine ar bith ag dúil le ko ach le troid bunaithe ar thaicticí agus an poblachtánachas agus an t-aontachas i ndeabhaidh pholaitíochta.bunadh fadfhulangach na Sé Chontae ag dúil le go bhfaighidh siad rialtas a bheas lena leas.

Den chéad uair riamh, is beag caint atá ar cheisteanna bunreachta ó thuaidh - táthar ag caint ar tháillí uisce, ar oideachas, ar na gnéithe atá lárnach i saol gach duine.

Cur amú ama a bheas ann mura mbíonn sa Tionól ó thuaidh ach scliúchas i ndiaidh scliúchais idir an DUP agus Sinn Féin agus fadhbanna mhuintir na Sé Chontae ag dul in olcas.

Tá níos fearr ná sin tuillte againn.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.