AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Comhaontú sínithe - ach cár fágadh an tsaorthrádáil?
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá Rialtas na hAstráile ag maíomh go rachaidh comhaontú nua atá sínithe idir an tír agus na Stáit Aontaithe chun sochair fheirmeoirí na hAstráile ach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin, tá go leor daoine sa tír amhrasach faoi.

Íomhá
Aire Trádála na hAstráile Mark Vaile (ar chlé) le duine de lucht idirbheartaíochta Stát Aontaithe Mheiriceá, Robert Zoellick, ag tús na gcainteanna faoin chomhaontú i mí Eanáir
Íomhá
Lucht idirbheartaíochta na hAstráile agus Stát Aontaithe Mheiriceá ar an lá deireanach de na cainteanna, 30 Eanáir

Síníodh comhaontú i Washington an mhí seo caite idir Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) agus an Astráil. Comhaontú Saorthrádála a thug an dá rialtas air ach tá roinnt mhaith daoine amhrasach faoin ainm sin.

Tá rialtas na hAstráile ag caint faoin gcomhaontú seo le tamall de bhlianta agus ag rá go mbeadh buntáistí móra ag dul leis don Astráil - go háithrid maidir le cúrsaí talmhaíochta - agus, dá bharr sin, bhí na feilméaraí ag tnúth go mór leis. Agus tuige nach mbeadh? Más saorthrádáil a bhí i gceist, nach bhfágfadh sé sin nach mbeadh bac ar bith ar earraí agus seirbhísí as an Astráil margadh a fháil sna Stáit? Ní mar sin a tharla. Maidir le SAM, is éard is mó a bhí uathusan ná margadh níos fearr san Astráil dá gcuid seirbhísí agus maoin intleachtúil. Chomh luath is bhí an comhaontú sínithe, d’áitigh chaon rialtas gur acu féin a bhí an ceann ab fhearr sna cainteanna.

Níor foilsíodh an comhaontú go fóill agus ní cosúil go bhfoilseofar go ceann coicíse nó mar sin, a fhad is atá dlíodóirí ag plé leis. Ach tá píosaí foilsithe cheana féin. Agus ní mó ná sásta atá na feilméaraí anseo. Ní bheidh deireadh le srianta ar easpórtáil mhairteola go dtí SAM go ceann ocht mbliana déag. Níl aon bhuntáiste suntasach ag lucht déiríochta ach an oiread. Fágadh siúcra as an áireamh ar fad mar nach bhféadfaí a theacht ar réiteach. Is cosúil gurb é an chúis leis sin ná brú ó fheilméaraí siúcra sna Stáit ar pholaiteoirí ansin. In ainneoin an North American Free Trade Agreement (NAFTA), a síníodh i 1994, níl margadh fós do shiúcra as Meicsiceo i SAM.

Bhí feilméaraí siúcra na hAstráile le ceangal nuair a chuala siad an scéala tar éis an mhéid a gealladh dóibh le blianta. Taobh istigh de dhá lá, bhí siad ag rá go mbainfidís díoltas amach ar an rialtas sa toghchán a bheas ann ag deireadh na bliana. An tseachtain ina dhiaidh sin bhí siad ag cruinniú i gCanberra ag léiriú a míshástachta agus ag lorg cúnamh $600 milliún (€360 m.) ón rialtas. Tá an rialtas sásta tacú leo (tá fóirdheontais $210 milliún tugtha dóibh le trí bliana) ach bhain an méid a bhí á éileamh leagan astu.

Níl an freasúra sásta leis an gcomhaontú (nó ar a laghad an méid atá ar eolas faoi go dtí seo) agus tá siad ag rá go gcaithfear é a chur faoi bhráid choiste Seanaid chun an 500 leathanach atá ann a scrúdú. Ceann de na deacrachtaí a bhaineann leis an gcomhaontú ná nach n-aontaíonn dreamanna éagsúla an le leas na hAstráile é nó nach ea. Dúirt staidéar amháin gurbh fhiú $4 billiún in aghaidh na bliana don Astráil é. Dúirt ceann eile go ndéanfadh sé beagán dochair don tír. Mura mbeadh buntáiste ar bith eile leis, ba chóir go gcuirfeadh fiosrúchán Seanaid beagán feola ar na tuairimí sin.

Faoi láthair, is fiú $28 billiún an trádáil idir an dá thír agus tá buntáiste $12 billiún ag SAM. Tá rialtas na hAstráile ag maíomh go laghdófar an buntáiste sin. Tá rialtas SAM ag rá a mhalairt lena bpobal féin. Is cosúil go bhfuil an fhírinne ag an dá dhream. Is deacair a shamhlú go n-inseodh ceachtar dream bréag - nach polaiteoirí iad?

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.