AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Comhairle Bhalor na Gaoise
Balor Balor Balor

comhairle ag Balor dóibh siúd go léir ar mian leo dea-rúin a scríobh ach nach bhfuil fonn orthu cloí leo.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Tá an Nollaig thart agus Nollaig na mBan fós le teacht. Tá an oíche ag dul chun giorraithe agus an lá ag dul chun síneadh. Má tá coiscéim coiligh ar an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois - san áit is contúirtí ar fad, b’fhéidir, nó cad é atá go díreach idir dhá chrobh an choiligh ach tóin an choiligh, Dia idir muid agus cac na héanlaithe! Agus muid ag caint ar chúrsaí éanlaithe, tá a bhfuil fós beo de thurcaithe na tíre ag rith thart sna cuibhrinn agus sna botháin ag gabháil buíochais le Dia na nDúl gur tháinig siad slán fríd ár lár an gheimhridh. “Ár mór ort an bhliain seo chugainn,” a ghuíonn siad ar a chéile.

Tá císte na Nollag agus maróg na Nollag agus dinnéar na Nollag anois ite agus díleáite; poitín agus pórtar na Nollag anois diúgtha. Tá an baothgháire bréige bliantúil déanta faoi na ceisteanna beaga amaideacha ar na giotaí beaga páipéir a bhíonn taobh istigh de na pléascóga Nollag. Tá na paidreacha maoithneacha máinséaracha ráite agus na coinnle lasta sna fuinneoga ag bunadh an tí agus sna tithe pobail ag lucht minic nach dtig. Tá na puntaí meáchain curtha suas agus na puntaí airgid curtha síos. Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach. Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú ... agus a ligean i ndearmad arís.

I dtaca leis na dea-rúin chéanna, níl sárú Bhalor na Súile Nimhe agus na Teanga Binne ann mar shaineolaí ar a gcumadh agus ar a gcoinneáil. Suígí siar anois agus ligigí do Bhalor na Gaoise comhairle a chur oraibh, a lucht scríofa dhea-rúin na bliana 2004. Níl an oiread sin rialacha ag baint leis an chóras seo, ach tá gach uile cheann acu iontach tábhachtach:

Bíodh na dea-rúin féin iomlán mí-réasúnta. Sa dóigh sin thig libh a rá libh féin i gceann cúpla lá, nuair a bheas gach a mbaineann leo caite sa bhruscar, nach raibh siad réadúil an chéad lá riamh. Ní orm féin an locht má bhí na dea-rúin féin mí-réasúnta! Scríobhaigí síos cuid mhór acu - agus nuair a deirim ’cuid mhór’ *, táim ag caint ar na mílte acu. Sa dóigh sin beidh sibh ábalta a rá libh féin go fírinneach nach bhfuil cuimhne agaibh ar a bhfuil ar liosta na bliana seo. D’fhéadfadh ceann ar bith acu bheith ar liosta na bliana seo caite nó na bliana seo chugainn, fiú. Mura bhfuil cuimhne chruinn ghlinn ghlé agaibh ar an dea-rún, ní thig libh a bheith freagrach as, gan trácht ar é a choinneáil. Bíodh cóip de *Foinse *ar oscailt os bhur gcomhair amach ar an tábla agus na dea-rúin á scríobh agaibh. Bíodh leathshúil agaibh ar *Ócáidí Odious Odi *agus sibh i mbun pinn. Ar an dóigh sin thig libh a chur ina luí oraibh féin amach anseo go raibh mearbhall oraibh agus sibh á scríobh, nó is léir don domhan is a mháthair go gcuireann an t-alt sin mearbhall ar gach duine a léann é. (Nóta ón eagarthóir chuig ár gcuid léitheoirí ionúine ar dlíodóirí iad: is é an t-ainmfhocal *’ócáidí’, agus ní ainm álainn *’Ódí’ *Chumhra Chliste, atá faoi cháilíocht na haidiachta gránna gallda sin thuas, bíodh a fhios agaibh!) Bígí ólta as bhur gcloigeann agus sibh i mbun pinn. Ní hamháin gur leithscéal maith é gan na dea-rúin a choinneáil má bhí sibh ar na stoic stárthacha ag am a scríofa, ach cuidíonn staid na meisce le *Foinse *a léamh. Bígí ag éisteacht le Mícheál Ó Sé ag bladar leis ó Bhóthar na Léinsí sa chlár *Camchuairt *ar Raidió na Galltachta agus sibh ag cumadh bhur gcuid dea-rún. Níl cúirt ar bith sa tír nach nglacfadh leis gan cheist mar leithscéal i gcás dúnmharaithe, gan trácht ar dhea-rúin a bhriseadh. Idir bhuile an *Tico Tico *agus leadrán na raiméise a bhíonn ag Pádraig Ó Dúiche Seoighe agus Bríd Anna Ní Wheelie Bin, ní bheadh duine ar bith ag súil le go gcoinneofadh sibh bhur ngealltanas, nó go mbeadh cuimhne agaibh ar ar gheall sibh, fiú. Mar fhocal scoir, amharcaigí siar ar dhea-rúin na bliana seo a chuaigh thart. Ceann ar bith acu nár éirigh libh a choinneáil, bainigí triail arís as. Seans maith go mbeidh an toradh céannna arís ar iarracht na bliana seo. Beidh sé mar shólás agaibh go dtig libh a mhaíomh go bhfuil sibh chomh dáiríre faoi agus go ndéanann sibh iarracht gach aon bhliain iad a choinneáil.

Gach aon bhliain, gan teip, móidím os comhair Chroim, crúb ar mo chroí, nach scríobhfaidh mé focal ar bith eile don liarlóg seo gan mhaith, gan tairbhe. Ansin tagann an bhliain úr agus tosaíonn an rabharta litreacha ag teacht trí dhoras na pluaise: achainíocha ó mhaithe agus ó mhóruaisle na tíre, ag impí orm leanacht leis an dea-obair, ag maíomh gur mise amháin as measc scríbhneoirí na tíre a thugann misneach don phobal - agus géillim arís. Tá mé lag - tá a fhios agam go bhfuil mé lag! Ach ar son na cúise a dhéanaim é. Tá sé mar dhea-rún agam arís i mbliana go n-éireoidh mé as, agus arís eile tá mé i ndiaidh mo mhóid a ghlacadh os comhair Chroim - ach cén mhaith é? Nach maith atá a fhios agam go dteipfidh arís orm! Cuirim iontas orm féin nuair a chuimhním ar na nithe a dhéanaim ar son na cúise. Bliain úr mhaith ó Bhalor na hÍobairte. Amen!

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.