AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Codger agus Dodger

Chaith Balor seal i mbun cainte le Codger agus Dodger, puipéid na Gaeilge

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Íomhá

“Tá mé bodhraithe ag na baotháin. Tá mé briste, bascaithe agus brúite acu. Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair agus a gcuid bligeardaíochta. Níl iontu ach bómáin bhundúnacha.”

Cé atá faoi ionsaí ag Balor an Bromaire an mhí seo? Cé eile ach an bheirt phuipéad sin a chuirfeadh aiseag ar asal: Codger agus Dodger. “Cén fáth, más ea, go n¬-éisteann tú leo, a húirín gan mhaith?” a d’fhiafraigh mé d’fhear na súile nimhe. “Cad tuige nach gcuireann tú an tele as?” “Mar go mbíodh trua agam dóibh uair dá raibh, sular chuir mé aithne cheart orthu,” arsa Balor Báúil. “Dá mbeadh a fhios agat an dóigh a bhfuair siad a gcuid Gaeilge bheadh trua agat féin dóibh,” a mhaígh Balor an Bastún. “Cad é mar atá a fhios agatsa sin?” a d’fhiafraigh mé de. “Tá a fhios agam sin nó chuir mé agallamh orthu, agus sin an tuige go bhfuil mé bodhraithe ag na baotháin, go bhfuil mé briste, bascaithe agus brúite...” “Sea! Sea! Mar a bhí tú ag rá, a Bhaloir. Anois, inis dúinn an méid a fuair tú amach.”

Balor: Anois, a Chodger agus a Dhodger, insígí dom, mura miste libh, faoi shaol an phuipéid i gcomparáid le saol an duine, faoin oideachas a fuair sibh agus faoi na daoine a raibh tionchar acu oraibh nuair a bhí sibh ag fás... ag éirí... nuair a bhí sibh... óóó blianta fada ó shin!

CD: Is iomaí buntáiste atá ag puipéad thar an duine daonna. Cé go bhfuil muid trí-thoiseach, ní bhíonn daoine ag súil ach le smaointe agus le tuairimí aontoiseacha, mar a bhíonn acu féin. Bhí buntáiste millteanach againn ar ár gcairde uilig ó thaobh oideachais de nó níor chaith muid riamh lá ar scoil. Níor buaileadh an cac amach asainn nó an tuiseal ginideach isteach ionainn. Ní raibh muid riamh tinn nó níor chaith muid riamh oíche ar thralaí otharlainne.

Balor: Ar tháinig sibh faoi thionchar daoine speisialta? Nó cé a mhúnlaigh sibh?

CD: Boc éigin sa tSín nó áit inteacht eile sa Chianoirthear a mhúnlaigh muid an chéad lá riamh. Maidir le tionchar, tháinig muid go mór faoi thionchar An Chláir Bhig Déil.

Balor: An t-amhrán álainn?

CD: Ní hea! An píosa adhmaid! D’fhoghlaim muid go leor ón seanchlár beag déil sin. An Strong Silent Type, tá a fhios agat. D’fhoghlaim muid an dóigh le ligean orainn go raibh muid ag éisteacht le daoine agus ag cur suime i ndaoine, agus an dóigh le ligean do dhaoine a shílstean go raibh siad níos tábhachtaí agus níos cliste agus níos fearr ná muid féin. Ceachtanna tábhachtacha, a Bhaloir! Ceachtanna tábhachtacha!

Balor: Gan amhras, a fheara... mmmmm... Cad é mar a chuir sibh suim sa Ghaeilge?

CD: Bhuel, mar a mhínigh muid duit ar ball – má bhí tú ag éisteacht – chuidigh sé go mór linn nár chaith muid lá riamh ar scoil. Chomh maith leis sin, chonacthas dúinn go raibh TG4 ag fáiltiú roimh chláracha macasamhail cláracha Béarla. Rud ar bith fiúntach ar BBC nó ITV, nó fiú ar RTÉ, bhí siad sásta cac ceart a dhéanamh de i nGaeilge: bíonn Antaine Ó Fartacháin ag déanamh aithrise ar Top of the Pops; bíonn Cleamhnas ag déanamh aithrise ar Blind Date, gan trácht ar Ní Gaeilgeoir Mé agus Big Brother Nuair a chonaic muid Podge and Rodge bhí a fhios againn go raibh linn – dá mbeadh an cúpla focal againn le haithris i nGaeilge a dhéanamh orthu.

Balor: So? Cad é mar a d’fhoghlaim sibh an Ghaeilge?

CD: Bhuel, mar a mhínigh muid duit, ní raibh uainn ar dtús ach an cúpla focal, soooooo: isteach linn go dtí áiléar na gcuairteoirí i nDáil Éireann agus chaith muid coicís ansin ag éisteacht agus ag foghlaim.

Balor: Agus ar fhoghlaim sibh mórán ó na polaiteoirí?

CD: D’fhoghlaim – agus níos mó ná an cúpla focal. D’fhoghlaim muid Tá agus Níl agus Deoch agus Leithreas, agus roinnt focal eile nach bhfuil muid cinnte an focail Ghaeilge nó focail Bhéarla atá iontu, mar shampla: sewer rat, guttersnipe, Goebbels, whingeing hoor, feckin’ Nazi, rotten pinko, snivellin’ lackey agus dirty blueshirt bastard.

Balor: Mura bhfuair sibh ach roinnt de na gnáthfhocail chaidrimh Éireannacha i nDáil Éireann, cá háit a bhfuair sibh an chuid eile?

CD: Bhuel, a Bhaloir, ar dtús thosaigh muid ag póirseáil fríd do chuid altanna ar Beo Ar Éigean, féachaint an dtiocfadh linn rud éigin a fháil le rá faoin tráth seo den bhliain, an t-earrach, agus d’fhoghlaim muid a leithéid is “Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos. Maidir le lile an earraigh, braitheann sé an mbíonn biorán nó guma ar a chúl.” Ina dhiaidh sin b’éigean dúinn dul agus Gaeilge cheart a fhoghlaim.

Balor: Agus cá bhfuair sibh an Ghaeilge cheart, a phéire húranna, murach ó Laoch na Litríochta a fuair sibh í?

CD: Cá háit eile a bhfaigheann puipéid thábhachtacha an Ghaeilge cheart, a Bhaloir, ach ag cúrsaí Fhine Gael? Chuaigh muid ar chúrsa samhraidh dá gcuid in Iarthar Mhaigh Eo. Puipéad mór le rá a bhí i mbun an chúrsa. Chuir sé an clár beag déil i gcuimhne dúinn agus mhínigh sé dúinn nach raibh éigeantacht ar bith ag baint le labhairt na Gaeilge, go dtiocfadh linn an Béarla, an Pholainnis, an Rúisis, nó fiú an Mheiriceáinis a spalpadh ó mhaidin go hoíche agus go raibh sé sin maith go leor. Bhí am ar dóigh againn agus d’fhoghlaim muid an dóigh lenár gcuid gruaige a choinneáil néata agus cíortha go slachtmhar. Agus a Bhaloir, ní chreidfeá...”

Anois an dtuigeann sibh cén fáth go bhfuil Balor Bocht Briste bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair agus a gcuid bligeardaíochta...? Slán tamall.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.