AR NA SAOLTA SEO
Cnap Deas na Craoibhe: Ceathrú Milliún €uro
Gráinne Campion Gráinne Campion Gráinne Campion

B’fhéidir go raibh Gráinne Campion ag iarraidh smearadh den ádh a thabhairt léi nuair a bhuail sí le Patrick Clarke lena cheistiú faoi Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 a bhaint ar na mallaibh.

Íomhá
Patrick sásta leis féin
(Kelsey Goodman a tharraing)
Íomhá
Patrick Clarke lena chailín Kelsey ag ceiliúradh an bhua
(Laura Goodman a tharraing)
Íomhá
Patrick ag glacadh leis an chomhramh
(Kelsey Goodman a tharraing)

An cheist is mó a chuireann imní ar dhaltaí Ardteistiméireachta agus iad ag ullmhú le haghaidh na béaltrialach: céard a dhéanfadh duine le cnap mór airgid? Ach a mhalairt ar fad atá ann do Patrick Clarke, ní haon údar imní í an cheist seo dó mar tá ceathrú milliún euro bainte aige mar airgead duaise ag imirt cártaí. An 21ú lá de mhí Aibreáin 2014, gaireadh Patrick ina churadh ar Chraobh Oscailte Pócair na hÉireann 2014 de chuid Paddy Power.

Ní thiocfadh liom é a chreidiúint i ndáiríre, is breá liom gnóthaí pócair, níl mé á rá gur tháinig sé gan stró ach ní raibh ann ach caitheamh aimsire ag an tús. Cinnte, bhí mé go maith aige ach ní smaoiníonn tú go bhfuil tú chun an méid seo a bhaint amach!” a deir Clarke agus é ag croitheadh a cheann le barr iontais.

An t-ádh dearg is dóigh a deirim leis ach ní de thaisme amháin a bhaineann tú an méid seo amach gan aon agó a d’fhiosraigh mé:

Déanta na fírinne bíonn daoine ag rá go bhfuil sé bunaithe go huile agus go hiomlán ar ádh, ach ní mar a shíltear a bhítear, mar chreid uaimse tá níos mó scil ag baint leis thar aon ní eile... cleachtadh a dhéanann máistreachta ar ndóigh!” a deir Clarke. Dar le Feilim Mac an Iomaire, urlabhraí Paddy Power, go gcuireann ráth Clarke in iúl “gur féidir le haon díograiseoir pócair buaic na glóire seo a bhaint amach.”

An Iomaíocht

Thosaigh an comórtas seo le níos mó ná ceithre céad duine agus ag an deireadh bhí beirt fágtha ag an bhord; Patrick Clarke agus Dave Pollock. Nuair a thosaigh an t-aicsean, bhí Clarke chun tosaigh tar éis a bheith “faoi bhrú ó Pollock” níos luaithe sa chluiche. Ach bhí sé in ann deireadh daingean a chur leis ag babhta 139 don chluiche dheireanach. Bhí flup os comhair na beirte {2-Hart}{7- Spéireata}{K-Spéireata} ansin, rinneadh seiceáil idir Clark agus Pollock agus gheall Pollock €350,000. D’fhreagair Clarke an seic agus d’ardaigh sé é le €800,000 agus mar thoradh chaith Pollack chuile rud isteach agus casadh thart na cártaí sa deireadh thiar thall.

Seo a bhí acu: Pollock: {Q-Triuf}{7-Triuf}
Clarke: {K-Muileata}{8-Muileata}

Bhí Clarke chun tosaigh le péire ríthe agus is mar sin a chríochnaigh sé nuair a chomhlánaigh an déantóir le {4-Hart} agus {J-Hart}. Bhailigh Pollock €130,500 mar an dara duine is mire agus ghlac Clarke leis an seic ollmhór go toilteanach.

Leis an bhua seo ina seilbh aige, tá a ainm curtha le liosta na gcuradh, ina measc Noel Furlong, Liam Flood, Joe Beevers, Neil Channing, James Mitchell, Kevin Vandersmissen agus Ian Simpson.

Coinnigh an Cloigeann

Agus an bhua seo aige bhí mé fiosrach an raibh a sheal pócair tugtha aige anois nó an bhfuil níos mó pócar ar intinn aige?

“Bhuel is dóigh le dhá bhliain anuas tá mé ag feidhmiú go leathphroifisiúnta ach leis an bhua dochreidte seoi bhfad níos mó deiseanna curtha ar fáil dom páirt a ghlacadh i gcúrsaí pócair go hidirnáisiúnta agus a bheith fostaithe go lánaimseartha le cluiche a chuireann gliondar i mo chroí i gcónaí.”

Ar ndóigh, tá córas an rachmais bunaithe ar an tsaint, ceann de na seacht bpeaca marfach agus meastar nach mbíonn lucht pócair riamh sásta leis an mhéid airgid atá acu— súil le breis a mhilleann an cearrbhach. Ach tuigeann Clarke an áit ina bhfuil sé faoi láthair agus gan a bheith ar nós ‘cuma liomfaoi ghnóthaí airgid. Ní bhfuair Patrick go bog é áfach. Tá sé dífhostaithe faoi láthair agus fiú nuair a bhí an comórtas buaite aige bhí air filleadh ar oifig an phoist agus an dól a bhailiú go dtí go bhfaighidh sé an t-airgead. Tá iníon óg aige agus is é an plean is mó atá aige leis an chnap airgid atá buaitea dóthain airgid a sholáthar di ionas go mbeidh deis níos fearr aici dul chun cinn sa tsaol ná mar a bhí aige féin.

An cheist dheireanach a chur mé air ná an raibh moltaí ar bith aige d’éinne atá go maith ag gnóthaí pócair agus seo an freagra a thug sé ar mo cheist:

“Tá plean mór eile agam agus seo rud iontach tábhachtach fá choinne éinne atá i mbun pócair; sin ó thaobh do ‘rolla banc’ nó bankroll mar a thugtar air, chun míniú simplí a chur air—sin é do bhainc phearsanta ina choimeádann tú d’airgead ann- ach an rud is tábhachtaí ná chun é a bhainistiú i gceart agus cinnidh chiallmhara a dhéanamh leis. Ná bí ag iarraidh an t-airgead mór a bhaint amach i gcónaí. Bí ag léamh ar líne i gcónaí agus sa deireadh thiar thall is é cleachtadh a dhéanann máistreacht!”

Mar fhocal scoir, tá freagra na ceiste ag Clarke ach cad a dhéanfá dá mbuafá cnap mór euro? Ná bíodh aon drogall ort d’fhreagra a fhágáil sna nótaí tráchta!

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Mac léinn MA sa Chumarsáid in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Gráinne Campion.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.