AR NA SAOLTA SEO
Club leabhar ar líne seolta ag Gaelchultúr
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Rinne Gaelchultúr tionscadal nua, ClubLeabhar.com, a sheoladh an mhí seo caite. Míníonn Stiúrthóir Oideachais an chomhlachta, Éamonn Ó Dónaill, cad é a spreag iad le thabhairt faoin obair seo.

Íomhá
Éamonn Ó Dónaill, Gaelchultúr, Aedín Ní Bhroin, Foras na Gaeilge, An Dr Michael Cronin agus Sarah Bannan, An Chomhairle Ealaíon
Íomhá
Ailbhe Ní Chonghaile, UCD, Tomás Ó Ruairc, An RGPTG, Clár Ní Bhuachalla, Bord na Gaeilge UCD
Íomhá
An lch. baile ag ClubLeabhar

Rinne Gaelchultúr an tionscadal is nua dár gcuid, Clubleabhar.com, a sheoladh ag ócáid a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath Déardaoin, 18 Feabhra.

Tá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh le bheith ag léamh leabhar Gaeilge. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm againn fosta na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear leis an saothar a bheas mar leabhar na míosa a phlé.

Ní ghlacann sé ach bomaite clárú don chlub ag www.clubleabhar.com agus níl táille ar bith i gceist. Beifear ag díriú ar leabhar nua gach mí agus beidh deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Beidh fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bheas á bplé, rud a éascóidh an léitheoireacht go mór. Beidh deis acu siúd nach bhfuil ach ag foghlaim na Gaeilge, mar sin, bheith mar bhaill den chlub leabhar seo ar líne.

Tá sé beartaithe againn leabhair a bheas róchasta agus acadúil a sheachaint. Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile fosta. Beidh meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá i gcló go fóill.

Is é an t-úrscéal Dúnmharú ar an Dart le Ruaidhrí Ó Báille leabhar na míosa i mí an Mhárta agus beidh an cnuasach gearrscéalta Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta mar leabhar na míosa i mí an Aibreáin. Tá liosta iomlán de leabhair na sraithe seo le feiceáil ar ClubLeabhar.com.

Más mian leatsa go mbeadh leabhar Gaeilge a thaitníonn go mór leat mar leabhar na míosa ar an suíomh, bí i dteagmháil linn!

Míle ball

Tá sé mar sprioc ag Gaelchultúr 300 ball a bheith againn faoi mhí an Mheithimh i mbliana agus 1,000 faoin am seo ar an bhliain seo chugainn. Ba mhaith linn pobal léitheoireachta a chruthú do leabhair Ghaeilge agus daoine a spreagadh lena dtuairimí a thabhairt mar gheall ar na saothair a mbeimid ag díriú orthu. Ó thús mhí an Aibreáin ar aghaidh, tá sé i gceist againn duais a bhronnadh ar an léirmheas is fearr a scríobhfar i bhfóram ClubLeabhar.com.

Thabharfadh sé sásamh an-mhór dom féin dá n-éireodh linn sprioc eile a bhaint amach: oiread cóipeanna de leabhar Gaeilge a dhíol go n-éireodh leis an saothar sin áit a bhaint amach i measc na leabhar sárdhíola in Éirinn! Níor tharla sé ach uair amháin cheana – i gcás úrscéal Bhreandáin Uí Eithir, Lig Sinn i gCathú, sna seachtóidí – ach tá mé dóchasach go n-éireoidh linn an sprioc sin a bhaint amach san am atá romhainn.

Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach i dtíortha eile mar na Stáit Aontaithe agus an Astráil ina bhfuil lucht na Gaeilge gníomhach cheana féin. Tá comhairle agus tacaíocht ar fáil ó Ghaelchultúr dóibh siúd a mbeidh spéis acu a gclub leabhar féin a bhunú.

Tugtar liosta ar ClubLeabhar.com fosta de na siopaí leabhar in Éirinn ina bhfuil leabhair Ghaeilge ar díol agus tá nasc ann chuig na cinn ar líne mar litríocht.com agus siopa.ie, rud a fhágfaidh go mbeidh sé furasta ag baill Clubleabhar.com na saothair á bheas á bplé a cheannach.

Rith an smaoineamh seo faoi chlub leabhar ar líne liom féin den chéad uair in 2004 ach níor thosaigh Gaelchultúr ag forbairt ClubLeabhar.com go dtí an samhradh anuraidh. Tá muid an-bhuíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus den Chomhairle Ealaíon, a bhfuil maoiniú curtha ar fáil acu don tionscadal; murach iad, ní bheadh éirithe linn ClubLeabhar.com a chur ar líne.

Má tá tusa ag iarraidh éirí níos eolaí ar litríocht na Gaeilge agus do chuid scileanna teanga a fhorbairt, seo do dheis!

Tuilleadh eolais:

Helen Hegarty, GaelchultúrGuthán: (01) 484 5223. Ríomhphost: eolas@clubleabhar.com.

Naisc: http://www.leabhar.ie/eolas.htmhttp://www.artscouncil.ie/ga/homepage.aspxhttp://ga.wikipedia.org/wiki/Breand%C3%A1n%C3%93hEithirhttp://www.nytimes.com/1990/10/28/obituaries/breandan-o-heithir-irish-writer-dies-at-60.html?pagewanted=1http://www.litriocht.com/shop/productinfo.php?productsid=4007http://www.siopagaeilge.ie/products/Beathaisn%E9is/product10-2.htmhttp://www.cic.ie/newsitem.asp?idarticle=231http://www.litriocht.com/shop/productinfo.php?productsid=2156

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.